Imeachtaí Raidió Fáilte le linn Féile an Phobail

 

Dé hAoine, 2ú Lúnasa
Craolatón 2024: Beidh muid ag craoladh beo gan stad ar feadh 24 uair an chloig. Tá sceideal lán le craoltóirí deonacha, ceol, comhrá agus craic curtha le chéile againn. Bígí linn don chraolatón ar 107.1fm agus ar líne ag www.raidiofailte.com.

Dé Sathairn, 3ú Lúnasa ag 14:00
Péint agus Prosecco: Tá an t-imeacht seo ar ais agus beidh sé ar siúl ag tosnú ag a 2 a chlog. Táille £10 a chlúdaíonn an trealamh péintéireachta go léir, bia, agus gloine Prosecco. Cuir do thicéad in áirithe tríd an nasc Eventbrite thíos.

Dé Céadaoin, 7ú Lúnasa ó 14:00-16:00
Scéalta Bhéal Feirste: Bígí linn ag láthair Raidió Fáilte don tráthnóna speisialta seo atá lán de chuimhní agus scéalta ó Ghaeil na cathrach agus iad ag fás aníos. Saorchead isteach, ticéid ar fáil ar Eventbrite.

Dé hAoine, 9ú Lúnasa ó 14:00-16:00
Léacht Bhliantúil Raidió Fáilte: Beidh an léacht bhliantúil ar siúl sa Lonnán in Áras Raidió Fáilte. I mbliana, tabharfaidh Míchéal Ó Máirtín caint ar céad bliain den iris cháiliúil An t-Ultach, ag díriú ar an chéad 20 bliain agus an t-Athair Lorcán Ó Muirí mar eagarthóir. Saorchead isteach, ticéid ar fáil ar Eventbrite.

Nasc Eventbrite: https://www.eventbrite.com/o/raidio-failte-51719176613