Dar leis an Taoiseach Leo Varadkar tá cúig bhealach ann le teorainn a sheachaint in Éirinn

Ag labhairt dó inniu i Stockholm inniu dúirt an Taoiseach

“Nuair a thiocfas sé a fhad le bheith ag seachaint teorainn idir an tuaisceart agus an deisceart in Éirinn, ní raibh riamh i ndáiríre ach cúig bhealach chun sin a dhéanamh. An chéad cheann ná Aontas na hÉireann a bheith ann, agus is dócha nach bhfuil tromlach ann le haghaidh sin faoi láthair cé go maíonn cuid de na pobalbhreitheanna go bhfuil. Éire ag dul ar ais go dtí an Ríocht Aontaithe, agus ar ndóigh ní tharlóidh sin go brách. An Ríocht Aontaithe ag cinneadh fanacht in Aontas na hEorpa, agus ó tháinig an Príomh-Aire Johnson i gcumhacht tá na pobalbhreitheanna uilig ag maíomh gur seo an rud atá ó mhuintir na Breataine ach níl a gcorás polaitiúil ábalta an rogha sin a thabhairt dóibh. An RA ag fanacht sa Mhargadh Aonair nó Aontas Custaim, múnla an Iorua +. Nó an cúigiú ceann go bunúsach an rud a thugann muid an ‘cúlstad’ air ar socrú ar leith é le haghaidh Tuaisceart Éireann. Tá bealach amháin as cúig bhealach le gur féidir seo a dhéanamh agus tá ar a laghad ceithre cinn acu sin inghlactha ag Rialtas na hÉireann. Ach an ceann is fearr, ar ndóigh, ná an cúlstad nó cúlstad de chineál éigin agus sin an rud atá muid ag iarraidh a bhaint amach.”