Beidh an tOifigeach Forbartha Fiontar Sóisialta-Caifé An Lon Dubh fostaithe ag Raidió Fáilte le Caifé An Lon Dubh (is caifé pobail/fiontar sóisialta é) a fhorbairt de leas chur chun cinn na Gaeilge agus chur chun cinn na seirbhíse fadbhunaithe raidió pobail, Raidió Fáilte. Beidh suim ar leith ag an duine a cheapfar sa Ghaeilge, i gcúrsaí forbartha pobail agus i bheith páirteach i seirbhís chaifé d’ardchaighdeán a chur ar fáil i bhfoirgneamh nua-aimseartha Raidió Fáilte.

An Lon Dubh

Suíomh oibre: Raidió Fáilte, 30 Sráid Dhubhaise, Béal Feirste, BT12 4AL

Tuarastal: Túsphointe – £11.50 san uair

Tús dáta: Iúil 2023. Beidh tréimhse phromhaidh 6 mhí ann.

Saoire: 28 lá sa bhliain agus laethanta poiblí (pro rata).

Ní glacfar le CV sa phróiseas earcaíochta seo. Chun tuilleadh eolais agus foirm iarratais a fháil, déan teagmháil linn trí theachtaireacht ríomhphoist a sheoladh chuig bainisteoir@raidiofailte.com

Spriocdháta d’iarratais: 12.00 meán lae Déardaoin 22ú Meitheamh 2023.

Tá an ról seo maoinithe ag An Roinn Pobal agus á riar ag an Rank Foundation.

An Roinn Pobail

Rank Foundation