Ar an Satharn 8 Feabhra, beidh vótóirí ag pilleadh ar na botháin vótála le haghaidh olltoghchán 2020. Tá 39 dáilcheantar i gceist agus toghfar 160 TD le suíochán a ghlacfadh i nDáil Éireann.

Seo an chéad uair ó bhí 1918 go raibh olltoghchán ann ar an Satharn. Bhí an toghchán sin suntasach ar cúpla fáth, b’é an chéad uair a raibh cead ag mná vóta a chaitheamh, b’é an olltoghchán deireanach uile-Éireann é (mar chuid den Ríocht Aontaithe) agus bhí ollbhua ag Sinn Féin nuair a bhain siad 73 suíochán sa toghchán agus nuair a bhunaigh siad Dáil Éireann ina dhiaidh sin.

Mar a sheasann rudaí anois tá 47 suíochán ag Fine Gael, 45 suíochán ag Fianna Fáil agus 22 suíochán ag Sinn Féin. Tá 7 suíochán ag Páirtí an Lucht Oibre, 6 shuíochán ag Dlúthphartíocht-Pobal Roimh Bhrabús, 3 shuíochán ag an Chomhaontas Glas, dhá shuíochán ag na Daonlathaigh Shóisialta agus suíochán amháin ag Aontú. Is ag Teachtaí Dála neamhspleácha atá na suíocháin eile.

Tá roinnt de sheanfhondúirí na polaitíochta le héirí as an Dáil i mbliana. Orthu sin tá Iar-Uachtarán Shinn Féin, Gearóid Mac Ádhaimh, Caoighmhín Ó Caoláin, Sinn Féin, Martin Ferris, Sinn Féin, Michael Noonan, Fine Gael, agus Iar-Thaoiseach na hÉireann, Enda Kenny, Fine Gael.