Ar an Chéadaoin agus ar an Déardaoin 24 agus 25 Lúnasa beidh Shane Ó Curraighín (Nuacht TG4, Seacht Lá), Robert McMillen, (Irish News), Edel Ní Churraoin (Raidió Fáilte agus léiritheoir teilifíse) agus Eoghan Ó Néill (Raidió Fáilte) ag soláthar ceardlainne ar na meáin chumarsáide Ghaeilge agus le haghaidh lainseála féile nua meán cumarsáide Plé na Meán Gaeilge (plé ar earnáil na meán cumarsáide Gaeilge: raidió, teilifís, nuachtáin, ar líne) a bheidh ag titim amach ar bhonn bliantúil i Raidió Fáilte.

  • Edel Ní Churraoin – Léiritheoir Teilifíse agus Raidió (Céadaoin 24 Lúnasa 10:00-12:00) – “Léiriúchán Teilifíse agus Raidió”
  • Robert McMillen – Iriseoir, Irish News (Céadaoin 24 Lúnasa 12:30-14:30) “An Iriseoireacht Chlóite
  • Eoghan Ó Néill – Iriseoir sinsearach le Raidió Fáilte (Déardaoin 25 Lúnasa 10:00-12:00) “An Iriseoireacht ar an Raidió”
  • Shane Ó Curraighín – Nuacht TG4, Seacht Lá (Déardaoin 25 Lúnasa 12:30-14:30) “Iriseoireacht agus Tuairisceoireacht Teilifíse”

Bí linn le haghaidh cur is cúiteamh faoi na meáin chumarsáide Ghaeilge chomh maith le ceardlanna lán de leideanna agus tacaíocht ó chuid de na daoine is fearr san earnáil. Beidh na ceardlanna ar siúl ar an Chéadaoin 24 Lúnasa ag 10:00-14:30 agus an Déardaoin 25 Lúnasa 10:00-14:30. Chun spás a fháil ar aon cheann de na ceardlanna nó chun freastal orthu uilig gabh i dteagmháil le Dónall ar traenail@raidiofailte.com nó cuir glaoch ar 028 90 310013. Is le tacaíocht ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge de chuid NI Screen atá na ceardlanna seo á reáchtáil.