Beidh sceideal speisialta ar Raidió Fáilte mar chuid de Lá Idirnáisiúnta na mBan. Tosóidh an sceideal ar 12in le clár speisialta de chuid na sraithe Sin Ráite le Edel Ní Churraoin agus Caoimhe Ní Chathail. Ina dhiaidh sin, craolfar na cláracha a rinneadh mar chuid den chúrsa speisialta a d’eagraigh Raidió Fáilte le haghaidh na mban i mí Feabhra 2022, Cúrsa le Caoimhe. Tuilleadh sonraí le fáil ar shuíomh idirlín Raidió Fáilte.