Lá Craolacháin Speisialta

Ar an 8 Márta beidh Raidió Fáilte ag craoladh sceidil speisialta le Lá Idirnáisiúnta na mBan a cheiliúradh. Léiríodh na cláir mar chuid de chúrsa oiliúna a reáchtáil Raidió Fáilte agus é dírithe ar mhná ar speis leo bheith páirteach sna meáin chumarsáide Gaeilge.

Beidh seacht gclár nua ar fad á gcraoladh mar chuid den ar an Luan. Is í an craoltóir Caoimhe Ní Chatháil a reáchtáil an cúrsa oiliúna speisialta seo le haghaidh mná. Bíonn Caoimhe ag craoladh ar Raidió Fáilte agus BBC Raidió Uladh agus tá cláir theilifíse curtha i láthair aici do BBC2 agus TG4.

Mar chuid den chúrsa bhí an t-aoichainteoir Áine Ní Bhreisleáin ó Raidió na Gaeltachta ag roinnt a comhairle agus leideanna féin leis an seachtar oiliúnaithe.

Lena chois sin, craolfar móragallamh leis an chraoltóir Lynette Fay ó BBC Raidió Uladh agus labhróidh sí ar a saol, a saothar agus ar ról na mban ina gairm agus ina saol féin. Ghlac seachtar páirt sa chúrsa oiliúna agus bhain siad sult agus tairbhe as an taithí fuair siad le Raidió Fáilte.

Ag caint faoin lá craolacháin dúirt Caoimhe “Chuir an seachtar ar an chúrsa gliondar ar mo chroí le díogras agus spéis s’acu i rith an ama. Tá cláir d’ardchaighdeán curtha le chéile acu uilig le craoladh don chéad uair ar Lá Idirnáisiúnta na mBan agus is cinnte gur cheart cluas éisteachta a thabhairt dóibh ó seo amach agus iad ag craoladh linn anseo ar Raidió Fáilte. Tá tábhacht mhór le spás a chruthú do mhná ar na haerthonnta agus tá mise iontach bródúil as an bhéim atá Raidió Fáilte ag leagan ar chúrsaí raidió na mban.”

An Sceideal

12pm Ó Nóin go Lón / Caoimhe Ní Chathail agus Edel Ní Churraoin

 

1pm Cuideachta le Ceithleann / Ceithleann Ní Dhuibhir Ní Dhúlacháin

 

2pm Casadh an Cheoil / Treasa Toner

 

3pm An Tobar / Niamh Nic Giolla Domhnaigh

 

4pm An GaelBhlas / Maedb McKeown

 

5pm Ar Mhuin na Muice / Kerri Ní Gharmaile

 

6pm Tamall le hAoife / Aoife Nicholls

 

7pm Eilís ag Éisteacht / Eilís Nic Lochlainn

 

8pm Lynette Fay faoi agallamh ag Caoimhe Ní Chathail