Tá iar-leascheannaire an SDLP Seamus Mallon tar éis a bháis agus é ar aois 83 bliain. Fuair an polaiteoir aitheanta bás ar an Aoine 24 Eanáir 2020.

Bhí Seamus Mallon i mbun ceannasaíocht an pháirtí in éineacht le John Hume agus an páirtí i mbarr a réime. Bhí sé ar dhuine de na príomh-idirbheartaithe sna cainteanna as a dtáinig Comhaontú Aoine an Chéasta. Bhí sé ina Leas-ChéadAire ar an rialtas comhroinnte i Stormont ó 1998 go 2001.

I láthair ag tórramh Seamus Mallon bhí baill de rialtais na hÉireann agus de rialtas Stormont, ina measc an Chéad-Aire agus an Leas-ChéadAire Arlene Foster agus Michelle O’Neill, an Taoiseach Leo Varadkar agus an Tanáiste Simon Coveney, iar-Thaoisigh Bertie Ahern, Éanna Ó Cionnaith,  agus iar-cheannaire agus ceannaire reatha an SDLP, Mark Durkin agus Colm Eastwood. B’é Ard-Easpaig Ard Mhacha Eamon Martin a dúirt an tAifreann ag Séipéal Naomh Séamas Iarúsailéim.