‘Siúlach, scéalach…….marfach’

Chuir an Sirriam Sheila Dillon dlús le cuimilteoirí gaothscátha a jíp.

Dá fheabhas iad, ní mó ná go dtiocfadh leo coinneáil suas leis na tromchalógaí sneachta a bhí ag stealladh agus ag séideadh uirthi le huair an chloig.

Bhí sí ag druidim le croisbhealach na gCúlchríoch i dtrátha a sé a chlog ar maidin, an raidió ar ardfhuaim agus í ar a seacht ndícheall ag troid lena súile a choinneáil oscailte.

‘Fuaireamar idir dhá orlach déag agus ocht n-orlach déag de shneachta thar oíche a chairde,’ arsa an láithreoir raidió, ‘ach cé go bhfuil eireaball na stoirme os cionn Langan díreach anois ta sé ag bogadh leis go gasta. Maolóidh sé roimh i bhfad agus táimid ag dréim le lá corrach inniu. Beidh corrthréimhse gréine ann ach don chuid is mó mórcheathanna sneachta. I mbeagán focal, tuilleadh den tsíon le teacht!’

Mhúch sí an raidió.

A rá is go gcreidfeadh duine ar bith focal as béal lucht na haimsire.

Gach dara hoíche ó thús na Samhna bhíodh siad ag bagairt go mbuailfeadh stoirm shneachta Langan, idir bhaile agus chontae, go dona.

Ach achan uair a bhí cuma air go raibh an mórshíobadh chucu thiontaigh an stoirm óna cúrsa ag an bhomaite deiridh agus dhumpáil a lód ar chuid eile den stát.

Chaith pobal Langan trí seachtaine spraíúla ag scig-gháire faoi mhífhortún a gcomharsan.

Ar mhúscailt dóibh an mhaidin sin, áfach, bhainfí an straois dá ngnúis ar a fháil amach gurb iad tithe s’acu féin a bhí faoi thrombhlaincéad geal sneachta anois agus a gcomharsana sna trithí gáire.

Chuir sí an dínéaltóir ag dul.

Chuimil a súile.

Níor casadh de thrácht ar an bhealach uirthi an mhaidin sin ach céachta sneachta ach anois, amach as an doilbhe, nocht soilse dearga cúil cairr.

De réir mar a dhruid sí leo, chonaic sí gur sedan dubh a bhí ann, é páirceáilte ar thaobh an bhóthair ag croisbhealach na gCúlchríoch.

Mhaolaigh sí ar an luas, chuir na soilse guaise ag dul agus thug an jíp chun stad go cúramach, píosa maith taobh thiar den charr.

Sedan dubh de chruth úrnua. Greamaitheoir Texas ar an fhuinneog. Beirt le sonrú ar an taobh istigh, shíl sí. Uimhirphláta as stát.

Bhí sé deacair an pláta a fheiceáil i gceart cionn is na calóga sneachta bheith ag guairneán anuas i rith an ama.

Bhí sí idir dhá intinn cé acu dul amach agus labhairt leo lena fháil amach cad chuige a raibh siad stoptha nó gan bacáil leo ar chor ar bith nuair a chuir an tiománaí an sedan ar obair agus d’imigh leis.

‘Más fadhb iad, bhuel ní hiad fadhb s’agamsa iad a thuilleadh,’ ar sise léi féin agus faoiseamh uirthi.

Sin rogha a rinneadh di ach anois bheadh rogha le déanamh aici féin.

Dá leanfadh sí léi ar an phríomhbhóthar os a comhair amach, bheadh sí in ann dul ar an Mhórbhealach Idirstáit ag Sruthán an Airgid agus bheith sa bhaile in imeacht 20 bomaite.

Cuachta go te teolaí faoin chuilt taobh istigh den uair.

De rogha air sin, an cúlbhóthar dúdhorcha ar chlé.

Bhí an comhartha don bhóthar úd chóir a bheith ceilte faoi chlúdach sneachta

Chlaon sí a gnúis chun tosaigh, cóngarach don ghaothscáth, go bhfaigheadh sí radharc níos fearr air agus idir scuab-ghluaiseachtaí na gcuimilteoirí léigh sí os ard, ‘Loch Vincent – 10 míle.’

Ar aghaidh nó ar chlé?

Leaba nó loch?

D’oibir a lámha astu féin.

Dá dtoil féin nó dá neamhthoil bhog siad an roth stiúrtha agus thiontaigh an jíp ar chlé.

Ag imeacht ó tharmac go gairbhéal. Ag streachailt in éadan mala seachas gluaiseacht ar thalamh cothrom.

Fáilte chuig na Cúlchríocha!

Ar shlí, ba chuma léi.

Bhí slabhraí sneachta agus tomáint ceithre roth ag an jíp.

Bhí an jíp breá abálta dó.

Sheila féin?

Scéal eile ar fad.

Bhí Sheila cloíte tuirseach.

Tuirse choirp. Tuirse intinne.

An cineál tuirse sin a thagann i ndiaidh bheith ag obair ar feadh 17 uair an chloig.

Chiallódh cor bealaigh chun an Locha uair an chloig eile gan scíste gan suan.

Ar thuras seachráin?

Gach seans.

An seisear oifigeach patróil s’aici bhí siad uilig den tuairim nárbh fhiú freagairt don scairt a bhí faighte uair an chloig roimhe ó Matt Bertelsen.

Ba é scéala Matt go raibh sé ag réiteach gaistí coiníní i gcoill le taobh an locha nuair a chuala sé screadach ghéibheannach. Screadach a mhair fad bomaite nó mar sin.

Ó threo an locha a tháinig an callán.

Sin an chuid den scéal a raibh Matt cinnte de.

Ainmhí nó duine?

‘Ní abróidh mé ach gur neamhionann é le haon ainmhí dár chuala mise riamh roimhe,’ ar seisean léi.

‘Neamhionann!’ arsa an Sáirsint Raul ag cur blas cábógach ar a chuid cainte. ‘Sin focal nach gcluinfeá ó chábóg de chuid na gCúlcríoch. Cén seans gurbh é  dlúthchara Matt, an tUasal Jack Daniels, a bhí ag caint!’

Bhí a fhios ag an tsaol go raibh dúil ag Matt Bertelsen san uisce beatha.

Gach seans go raibh an ceart ag Raul.

‘Agus is ar fhianaise chomh ‘húdarasach’ sin, a Sheila,’  ar sise léi féin i modh magaidh, ‘a fhaigheann sirriam bogchroíoch í féin ag dreapadh cúlbhóthair i gceantar aineoil maidin doininne.’

Cúlbhóthar a bhí ag casadh agus ag cuaradh thart ar chnoc mar a bheadh eascann ann.

Ag éirí níos crochta in aghaidh an mhíle.

San áit ar thug crainn foscadh dó ón tsneachta bhí dromchla an róid breac le linntreoga doimhne agus claiseanna fada.

Go fiú nuair a thiomáin sí i lár an bhealaigh ní thiocfaidh léi iad a sheachaint.

San áit nach raibh crainn, b’éigean di muca sneachta agus sioc dubh a chur sa reicneáil.

Chuir Sheila cúpla ciliméadar creathach corrach di sular leathnaigh an bóthar gur fheabhsaigh an dromchla oiread is gur cheadaigh sí di féin athrú go giar íseal agus síneadh siar beagán sa tsuíochán.

Agus a súile dírithe ar an ghealbhóthar roimpi i rith an ama, lig sí dá hintinn filleadh ar chionsiocair an turais.

An raibh sí ag tabhairt barraíocht meáchain do chaint dhoiléir Matt Bertelsen?

Gach seans go raibh.

Bhí dúil aige sa deoch, cinnte.

Iomrá air mar sheilgeoir lánaimseartha agus pótaire páirtaimseartha.

Ach sin ráite bhí a shaol caite ag Matt ag seilg sna Cúlchríocha agus ní raibh duine beo ar mhó a thaithí ar na coillte sin ná é.

Agus in ainneoin dhíspeagadh a cuid oifigeach patróil, ní thiocfadh le duine ar bith acu a thabhairt chun cuimhne oiread is uair amháin a chuir Matt Bertelson am na bpóilíní amú le scairt mar seo.

Má chuir Matt Bertelsen dua air féin scairteadh ar na póilíní lena gcur ar an eolas faoin scréacach seo, bhuel dhéanfadh na póilíní é a fhiosrú!

An rud is mó a chuir fearg uirthi ná gur chum gach oifigeach patróil dá cuid leithscéal gan dul a fhiosrú thuairisc Matt.

Fágadh é faoi Sheila an scéal a fhiosrú í féin nó ní fhiosrófaí ar chor ar bith é.

Níorbh é an chéad uair a shíl na fir seo, agus b’fhir iad ar fad, go dtiocfadh leo a roghnú cén scéal a d’fhiosródh siad nó nach bhfiosródh siad.

Ach bheadh sé ar an uair dheiridh.

Ise a chaith an réalta stáin. Agus chuirfí sin ina luí ar gach mac mathára acu nuair a d’fhillfeadh sí ar an oifig.

Bunaithe ar ar chuala sí ó Matt bhí sí ionann is cinnte de go bhfaigheadh sí póitseálaí ag bun scéal an locha.

Lig sí osna.

Póitseáil is poitín.

An dá choir is coitianta in Louisiana agus an dá cheann is lú ar ciontaíodh éinne astu.

Sa Stát Creole ba gheall le laochra iad póitseálaithe agus lucht déanta poitín.

Seachas cuidiú leis na póilíní iad a cheapadh, chuidigh mórchuid an phobail leis na bithiúnaigh éalú ón dlí.

Thuig Sheila cad chuige a ndearna siad é. D’fhás sise aníos in New Orleans. Bhí an t-am ann a bhí seanchas agus amhráin laochais faoi lucht poitín agus faoi phóitseálaithe ar bharr a teanga aici féin.

Ach níor aontaigh sí leis sin a thuilleadh.

Bhí fealsúnacht iontach simplí aici mar phóilín.

Thug sí móid chun an dlí amháin a chur i bhfeidhm ar achan duine ar bhonn cothrom.

Dá mbeadh duine ar bith nó dream ar bith saor ón dlí sin níor dhlí é a thuilleadh ach claon-dlí.

Agus ó chuir sise an réalta stáin ar a hucht trí bliana roimhe, rinne sí cinnte de gur chuir póilíní Langan an dlí i bhfeidhm gan fabhar gan feall.

Nuair a scaipeann tú cúpla míle de raidhfilí, de ghunnaí láimhe agus de sceana sealgaireachta i measc 20,000 duine, bheifeá ag súil le méid áirithe coiriúlachta.

Agus bhí sin acu.

Foiréigean baile, buirgléireacht, spraoithiomáint, coireanna tráchta agus fadhb bheag le drugaí boga.

Agus poitín is póitseáil.

Ach ní raibh mórán ó thaobh coireanna tromchúiseacha de.

Bás amháin a bhain le drugaí agus dhá bhás fhoréigneacha sa bhliain a bhí díreach caite.

Ar cheann acu sin bhí dúnorgain.

Cás forneart baile.

Bean, a bhí á bualadh ag an fhear céile s’aici, thug sí faoin bhuailteoir féin lena bhata daorchluiche fad is a bhí sé ina luí caoch ólta.

Filleann feall….

Ar an chuid is mó, áit shuaimhneach shíochánta a bhí in Langan agus faoin stiúir s’aici bhí Rannóg na bPóilíní ar a ndícheall ag iarraidh rudaí a choinneáil mar sin.

‘Fad is go dtig leis an tsirriam mhire seo a cuid súl a choinneáil oscailte cúpla uair an chloig eile leanfaimid ar aghaidh ag déanamh amhlaidh,’ arsa sí agus í ag múchadh méanfaí.

Ó am go ham nuair a chasfadh an jíp coirnéal scuabfadh a soilse amach ón bhóthar go bhfaigheadh sí spléachadh ar an taobh tíre.

Sna bomaití sin chonaic sí glioscarnach ó lochanna oighrithe, splanc ó shúile ainmhí a bhí ceilte i measc na gcrann, (díreach i ndiaidh di dul thar chomhartha a bhagair di a bheith airdeallach roimh bhobchait) agus an líon mór de bayou is leibhéanna.

Chonacthas di go bhfaca sí ballóg tí.

Ba í an iargúltacht cheart í.

Thóg sí coirnéal géar fada agus chuaigh thart ar chomhartha a d’fhógair ‘Bearnas an Fhia Rua, 1,050 méadar os cionn na farraige. Croí na gCúlchríoch’.

Brú beag breise ar an luasaire leis an jíp a thabhairt thar ghualainn an chnoic agus pháirceáil sí ar thaobh an bhóthair.

Tharraing sí osna fhada lúcháireach agus lig amach go fadálach í.

Chuir as na cuimilteoirí. Mhúch na ceannsoilse.

Bhreathnaigh sí suas.

Bhí calóga sneachta ag snámh anuas i gcónaí ach ba lú i bhfad a líon anois.

Sa spéir thiar bhí slis bháiteach de ghealach ag snámh ann go fóill ach bhí luisne ómra ag spré amach ar fhíor na spéire agus bhí an lá ag gealadh.

Bhí Ghleann na dTreibheanna ina luí amach roimpi.

Gleann fada íseal a chuimhneodh a cruth méar fhada cnámhlaí duit.

Ar gach taobh de bhí cnocáin choillteacha faoi shneachta agus ina lár loch reoite a raibh braillín gheal uirthi.

Ba é seo an chéad uair di an loch a fheiceáil agus thuig sí láithreach óna chruth cad chuige ar thug muintir na háite Loch na Gealaí air seachas Loch Vincent.

Shnigh bóthar an locha a shlí feadh sleasa cnoic go dtí gur imigh sé as radharc i gcoill ag ceann an ghleanna.

Ar fhíor na spéire, díreach ar theorainn Louisiana agus Texas, bhí cruth dronnach taibhseach Chnoc Tua Chatha le feiceáil.

De réir an tseanchais, shaothraigh sé an t-ainm cionn is gurbh é san áit sin a d’aimsigh lucht poitín a bpota óir féin, am Prohibition.

Bhreathnaigh sí ar an teochtmhéadair ar an deais.

-6 amuigh.

Ní raibh fonn uirthi deifriú amach as an charr go fóill beag.

Thiontaigh sí thart.

Iontas uirthi go raibh tromshuan i gcónaí ar a paisinéir sa tsuíochán taobh léi.

A cheann ina chamas aige, bhí an madadh i lár brionglóid inteacht. Chuirfeadh sí geall air gur bhain sé le halpadh carn seirgeola.

Thug an tsamhail aoibh chun a béil.

D’íosfadh Blu ó mhaidin go hoíche dá ligfeadh sí dó.

In aois a 12 bhliain is beag eile a rinne sé na saolta seo ach ithe. Ithe agus codladh.

Bhí blianta an fhuadair agus na fiatachta fágtha ina dhiaidh anois aige.

Agus aici féin.

In aois a 52 bliain, bheadh bliain eile aici ina sirriam agus ansin cúpla bliain díomhaoin sula bhfaigheadh sí pinsean.

Bhí sí féin agus Blu ar an chosán amháin i rith an ama faoi mar a bhí ón chéad lá ar casadh ar a chéile iad in Philadelphia.

Am a bhí saol eile ar fad aici.

Í ar na chéad bhleachtairí ban i Scuad an Dúnbhasaithe, SanD, Philadelphia.

Bean dhubh theanntásach uaillmhianach a sheas amach ar achan dóigh i rannóg bleachtaireachta a bhí gealchraicneach fearúil.

Dímheas acu ar aon bhleachtaire mná, gan trácht ar bhean nach ndíolfadh í féin riamh faoina luach.

Dímheas a rith chomh domhain le hAbhainn an Delaware féin.

Ach an t-am sin bhí Sheila fuinniúil ceanndána agus d’fháiltigh sí roimh na cathanna laethúla le cothromas a bhaint amach.

Agus bhí bua ar leith aici mar bhleachtaire.

Cuimhne fhótagrafach.

Cuimhne fhótagrafach nach raibh ag an dara duine.

Ní bheadh uirthi ach aghaidh nó uimhirphláta nó gunna nó gúna nó fáiscín gruaige nó carbhat fir a fheiceáil aon uair amháin agus d’fhanfadh sé beo ina cuimhne go deo.

‘An tSúil’ a tugadh uirthi.

Nó an ‘tSúil Dhubh’ nuair nach raibh sí sa chuideachta.

In imeacht ama bhí oiread tóra ar a tallann agus gur fhan go fiú an fuathaitheoir ban is mó in SanD ina thost ar eagla go mbeadh a cuid scileanna de dhíth air.

Diaidh ar ndiaidh, tháinig níos mó ban isteach in SanD.

Cuireadh i bhfeidhm rialúchán nua frithchiníochais.

Go fiú eascaíodh é le ligean do dhornán de mhná uaillmhianacha teanntásacha dul chun cinn.

Bhí Sheila féin ar dhuine acu.

Rinneadh bleachtaire sáirsint di.

Rinneadh SanD a tharraingt isteach i saol an lae inniu.

Bhí caint faoi ardú céime eile di.

Gach rud ag dul i gceart, dar leat.

Gach rud ach Sheila féin.

Bhí 6 bliana d’fhuil agus d’fhoréigean i ndiaidh í a loit i ngan fhios.

Gan choinne, gan mhíniú, tháinig lá nuair a dhiúltaigh a hintinn ligean di amharc isteach a thuilleadh i súile marbha na gcorpán a gheobhadh siad rompu go rialta sna Projects.

Daoine bochta a buaileadh nó a sádh nó a scaoileadh nó a céasadh nó a dódh chun báis.

Ar dtús, rinne sí iarracht é a cheilt ar a pháirtnéir.

Ach chuaigh sé in olcas. Ní thiocfadh léi a fhuilstin níos mó: súile dóite dearga na n-íospartach sin a chaill duine muinteartha dóibh : súile ceomhara dhúnmharfóra a cheil aon leid faoi chionsiocair a bharbarthachta.

Thosaigh na mílte sin de shúile marbha ag glacadh seilbh ar a brionglóidí. Ar a hintinn. Ar a saol.

Agus maidin chinniúnach amháin, d’amharc sí isteach sa scáthán agus d’aithin ina súile féin an mharbhántacht chéanna is a bhí feicthe aici sna súile eile ar fad.

Neamhord Strus Iarthrámach. NSIT.

Ba sin breithiúnas an tsíceolaí.

Mhol sé di cúiteamh a lorg ón Roinn agus glacadh le luathscor.

‘Agus fáigh madadh,’ arsa sé. ‘Madadh saor ó thráma. Tá an t-ualach seo róthrom le hiompar leat féin.’

Chuaigh Sheila caol díreach chuig dídean na madraí in Philadelphia.

Bhreathnaigh sí scór madadh go dtí go bhfaca sí Madadh Caorach Astrálach a bhí díreach tagtha isteach cionn is go bhfuair a úinéir bás dhá lá roimhe.

Den tseanaois.

Tráma ar bith.

Stán sí isteach sna súile gorma sin agus bhí sí faoi gheasa.

D’uchtaigh sí Blu.

Seachtain níos moille rinne sí agallamh do phost sirriam in Langan.

Agus ar chosa in airde, bhuail sí féin agus Blu bóthar amach as Dodge!

Ar ais chuig an tuath.

Áit nach mbeadh tráma ina chuid den saol laethúil.

Chuimil sí barr chloigeann donn Blu lena lámh.

‘Éirigh i do shuí anois, a chodlatáin. Am bricfeasta!’

Chorraigh an madadh, lig méanfach bhalbh as agus shín amach ar an tsuíochán.

‘Sílim go bhfuil mála de smailcíní agam i mo phóca.’

D’éirigh sé ina leathsheasamh.

Chuir sí cúpla briosca faoina shoc agus bhreathnaigh air á n-ithe ailp ar ailp.

‘Tóg go bog é, a chraosaire, bain fad astu.’

Sin ráite, ní raibh le hithe aici le 8 n-uair an chloig anuas ach slisín pióg rúbarb a d’ith sí in Mama Jo’s Diner roimh an mheánoíche.

D’aimsigh sí barra fuinnimh, d’ith é go fadálach.

An bheirt acu ar a sáimhín só ag baint sult as cuideachta thostach a chéile agus as céad chothú an lae.

Bhuail fonn millteanach í fanacht sa jíp agus seal beag codlata a dhéanamh.

Sula bhfaigheadh an cathú sin an lámh in uachtar d’oscail sí an doras.

Thóg an madadh cuid tosaigh a choirp, ag fanacht le nod uaithi.

‘Suígh tusa fút, a Blu.’

‘Bí buíoch as go mbeidh tamall eile agat sa teas.’

Na déshúiligh ina gleic aici léim sí síos agus sheas isteach i sneachta a chuaigh thar na murnáin aici.

Thug sí coiscéim nó dhó amach agus chuir na déshúiligh lena súile.

Bhí an Loch sioctha.

An t-uisce ina leac mhór oighir ach amháin cúpla paiste beag i dtreo a láir nach raibh sioctha go tiubh go fóill.

Duine ná deoraí le feiceáil. Solas ná bogadh le sonrú. A dhath ar bith.

Bhí an bruach locha a ba chóngaraí di as amharc, é ceilte ar chúl foraois de chrainn cufróige.

Bhog sí a hamharc chuig an bhruach thall.

A dhath ar bith as bealach ansin ach oiread.

De réir cosúlachta, bhí deireadh ciúin socair ar Loch na Gealaí.

Mar a ba dhual dó.

Bhí an sneachta stoptha ar fad ach bhí gaoth aniar aneas ag seideadh léi agus go fiú le dhá shraith éadaí uirthi mar aon le miotógaí chuir an fuacht feanntach an crith inti.

Bhailigh sí léi agus tharraing a colainn fhuar ar ais isteach sa jíp.

‘Damnú air, tá mé préachta, a Blu,’ ar sise.

‘Maith go leor, a choilí, seo an plean.’

‘Amharc gasta thart ar an loch, dul ‘na bhaile, éadaí tirime teo a chur orm, tine a lasadh, cocaireacht a dhéanamh agus ár ngoradh a dhéanamh le hanraith puimcín. Neam neam!’

D’amharc Blu suas uirthi agus rinne méanfach.

‘Sea, agus codladh. An ceart ar fad agat, a choilí, cad a dhéanfaimis feasta gan chodladh!’

Leis sin nocht imeall na gréine os cionn Chnoc Tua Chatha agus chuir gathanna laga gealrua ag ealaín ar bharr na gcnoc.

D’fhan sí seal ag tógáil isteach iomlán an radhairc.

Ag baint aoibhnis as.

Thiontaigh sí eochair an chairr.

‘Ar aghaidh linn, a Blu. Nach é fan go fóill a chaill an rása!’

Shín siad leo.

Feadh an chúpla míle tosaigh chuaigh an bealach síos le fána agus bhí obair ag an jíp fanacht ar an bhóthar in áiteanna mar a bhí sé sleamhain, sciorrach, sneachtúil.

Ach bhí an lá ag gealadh agus thiocfadh le Sheila an chuid a ba mheasa den oighear a fheiceáil roimh ré agus é a sheachaint.

Deich mbomaite i ndiaidh di an bearnas a fhágáil, phairceáil sí an jíp faoi roschoill feánna i gcarrchlós tréigthe an locha.

‘Seal s’agatsa, a Blu,’ ar sise ag oscailt an taobhdhorais. ‘Bain sult as!’

D’éalaigh sé leis, a chosa deiridh ag ciceáil sneachta san aer le tréan lúcháire.

Rinne Sheila méanfach, níos faide agus níos callánaí ná roimhe.

Tharraing toitín amach as bosca, dhearg é agus d’ionanálaigh an toit.

Maidin Luain, 7.30. Bhí sé de dhíth uirthi le gormacha an Luain a dhíbirt.

‘Fáilte romhat, a Ghrian Uasal,’ arsa sí le cúpla ga gréine a bhí ag iarraidh brú tríd scoilteacha sna scamaill.

 ‘An ceart faoi dheireadh ag lucht tuartha na haimsire. Iontas na n-iontas!’

Chaith sí tamall ag cur toite san aer agus ag breathnú in airde go tostach ar ghrian sheaca na Samhna ag stealladh anuas ar áilleacht uaigneach Loch na Gealaí agus ar Ghleann na dTreibheanna.

In Philadelphia, chonaic sí an spéir mar a d’fheicfeadh cime í.

Sracfhéachaint ar stráice cúng gorm os cionn ballaí arda fuara.

In Louisiana, bhí sí ar ais i dtír na Mór-Spéire.

Cibé áit amuigh a sheas sí, bhíodh radharc fairsing aici ar an Mhór-Spéir sin.

Agus rún docht aici an chuid eile dá saol a chaitheamh go socair sásúil in Louisiana ag amharc suas chun na spéire.

‘Áiméan leis sin.’

Tharraing  sí go trom uair amháin eile ar an toitín agus mhúch é.

Lig a ceann siar ar thaca cinn an tsuíocháin agus bhraith a súile ag druidim.

Ghéill sí.

Ní raibh na súile oscailte nuair a bhog cruth dorcha amach ó scáil na gcrann.

Le mionchroitheadh sciatháin, thóg bultúr dubh aonarach é féin gan dua os cionn bharrchraobh na gcrann, d’ardaigh san aer agus d’eitil leis i mbéal a chinn.

Ag coimhéad na tíre gléghile faoina shúil.

Fearann fairsing de riasca agus de choillte, de locha agus de leibhéanna ag síneadh siar ó dheas a fhad le Murascaill Mheicsiceo.

Súil amach aige d’aon rud as bealach.

Ag coinneáil súil amach fá choinne lorg crúibe nó aoiligh nó fola ar bharr an tsneachta úir.

Ag cur sonrú in achan rud a bhog.

Agus nár bhog.

Agus ba é solas splancúil nár bhog a mheall a shúil.

Rud inteacht thíos faoi ar bhain ga gréine spréach as.

Anuas leis.

Ag eitilt ní b’ísle agus ní b’ísle, ag casadh timpeall arís agus arís eile gur spréigh sé a chrúba amach roimhe agus thuirling ar Loch na Gealaí.

Sheas sé ar a bhonnaí seal ar an leac oighir gan bogadh as.

A shúile agus a chluasa oscailte go mór aige.

Ag breathnú, agus cluas air d’aon fhuaim, d’aon chorraí.

A dhath ar bith.

É ar a fhaichill gach coiscéim, chuir sé cos amach agus bhog go fadálach gur tháinig sé a fhad le paiste san oighear nach raibh sioctha go tiubh.

Fuair sé greim coise ar chiumhais an phoill, d’ísligh a cheann agus sheas crom ag amharc síos isteach san uisce reoite.

Ag iarraidh a oibriú amach cad é go díreach a raibh sé ag amharc air.

A dhá shúil ag stánadh ar mharbhán a bhí ar snámh díreach faoi chraiceann an uisce.

Chruinnigh sé a chorp i gceann a chéile go dlúth, shín a mhuineál fada amach agus le luas tintrí sháigh a ghob cnapánach isteach sa leac thanaí oighir.

Bhris an t-oighear le blosc géar a chuir lacha a scinneadh amach as a cró folaigh i bhfeagacha le taobh an locha.

Thóg an bultúr a chloigeann agus choimhéad an lacha go dtí go raibh sí imithe as amharc.

Go géarshúileach, go géarchluasach, d’fhan sé ina cholgsheasamh gur thuirling an tost in athuair.

Chaith amharc gasta eile thart.

D’ísligh a chloigeann arís eile go dtí go raibh a ghob chóir a bheith san uisce.

Thug sá tobann eile.

A chloigeann dubh ag imeacht as radharc an iarraidh seo, ag tumadh síos isteach san uisce shioctha.

Ag piocadh ar do shúil, ar do pholl sróine, ar do chluas.

Ag cuartú bealach furasta isteach.

Tháinig a chloigeann aníos as an uisce.

D’oscail sé a ghob agus shlog.

Ní raibh a dhath faighte aige.

Anonn leis chuig an taobh eile den pholl.

A ghob leathoscailte aige. A shúile dírithe ar an chuid den chloigeann a bhí ar snámh anois os cionn craiceann an uisce. Cluas le feiceáil go soiléir.

Chrom sé isteach arís. Réidh don dara ruathar.

Ach i dtobainne scanraigh sé.

Bhraith croitheadh áit inteacht ar an leac oighir.

D’ardaigh sé a sciatháin agus thug na heiteoga leis.

Faoin am a tháinig madadh de shodar a fhad leis an pholl san oighear ní raibh de lorg bultúir ann ach rian na gcrúb sa tsneachta.

Chuir Blu a shrón leis an oighear.

Stad, thóg a cheann agus d’amharc isteach san uisce.

Tharraing siar ó chiumhais an phoill.

D’amharc sé anonn trasna an locha ar an jíp.

Bhain a thafann géar geit as an tsirriam agus phreab sí ina dúiseacht.

Dar leis an chlog go raibh sé ag druidim le deich a chlog.

Bhí  20 bomaite caite aici ina codladh.

A luaithe is a chonaic sí Blu le taobh poill ar an loch, thomhais sí go raibh sé i ndiaidh dul sa tóir ar bhéabhar. Ní den chéad uair.

Sheas sí amach as an jíp agus bhéic:

‘Goitse, a Blu. Fan siar ó sin. Goitse.’

Rinne an madadh tafann arís eile, níos mó de phráinn ann an t-am seo.

Lig sí fead ghlaice.

‘Seo, a Blu, má thiteann tú iseach, ligfidh mé duit bá! Seo, tá brioscaí agam duit.’

Chroch sí an mála smailcíní in airde go bhfeicfeadh sé é agus thosaigh ag siúl.

Faoin am a bhain sí bruach an locha amach, bhí Blu ina haraicis, eireaball ag croitheadh, a theanga amuigh aige.

‘Tá tú ag dul chun feola, a Blu,’ ar sí go súgrach, ag dul ar a gogaide agus á shlíocadh faoina shoc. ‘Tá tú millte ar fad agam, a thaisce!’

Thóg sí glac brioscaí ón mhála agus de theann diabhlaíochta, chaith go hard san aer os a chionn iad.

‘Bailceanna brioscaí, a Blu! Amharc, tá sé ina bháisteach bhrioscaí. Déan do chraos.’

D’fhág sí Blu i mbun a fhéasta nó bhí rud éigin i ndiaidh a súil a tharraingt.

Thug sí cúpla coiscéim ionsar charraig thíos le taobh an locha agus chuaigh ar a gogaide.

Bhain di a miotógaí agus leag méar ar shneachta cróndearg.

Chuimil é.

Steall fola.

Amhras ar bith faoi sin.

Agus óna dhath, mheas sí nárbh fhada ansin í.

Fuil ainmhí nó fuil dhaonna? Cá bhfios?

Scuab sí ar shiúl sneachta thart ar an charraig ar eagla go raibh tuilleadh fola ann.

A dhath ar bith.

‘Seo saoithiúil,’ ar sise léi féin.

Bhí rud inteacht nó duine inteacht ag cur fola anseo le gairid.

Ach ní raibh lorg crúibe nó rian de shórt ar bith ann a mhíneodh cad é mar a tharla sin.

Sheasaigh sí seal ag stánadh ar an steall fola.

Cad é le déanamh anois?

Thógfadh sé uair ar a laghad siúl thart ar an dá bhruach.

Agus fiú ansin bhí creagacha móra, crainn leagtha agus muca sneachta a dtiocfadh corp bheith ina luí as radharc ar a gcúl.

B’fhearr di go díreach sciuird soir aniar a dhéanamh ar an bhruach abhus agus an bruach thall a sheiceáil leis na déshúiligh roimh imeacht.

Ana-phlean.

D’éirigh léi Blu a streachailt ar shiúl ó thóir na mbrioscaí agus chuir siad chun bealaigh.

Blu ag deifriú roimpi, Sheila ag bogshiúl píosa ina dhiaidh.

Buíoch as a bheith ag siúl anois den chéad uair le cúig uair déag an chloig.

Shiúil siad ó cheann ceann an bhruaigh gan aon rud as bealach a shonrú.

D’fhag sí Blu ag smúrthacht i measc na gcloch fhad is a thóg sí buidéilín amach as an charr agus chuir sampla den sneachta fhuilsmeartha isteach ann.

Thóg sí grianghrafanna den fhuil le ceamara a gutháin póca.

Péas den tseandéanamh í Sheila.

Níor mhaith léi mistéirí, rudaí nárbh fhéidir a mhíniú.

Má tharla rud sa dúiche s’aici bhí sí ag iarraidh a bheith soiléir faoi cad é a tharla, cé a rinne é agus cá huair.

Thug sí amharc deiridh feadh an bhruaigh.

Lig scairt aisti.  ‘Heileo.’

Rug an ghaoth greim ar a scairt. ‘Heileo, Heileo, Heileo.’

Níor fhill chuici ach macalla a gutha fein.

‘Sin é, a Blu, bainimis giota dó.’

Bhí an madadh in achrann le rud inteacht a bhí sáinnithe i measc na gcloch.

‘Goitse, a Blu,’ ar sise. ‘Lig dó.’

Choinnigh sé leis.

Theann sí anonn chuige.

‘‘Ní thig liom mo dhroim a thiontú ort oiread is bomaite, a rógaire. Seo, cad é atá ag dó na géirbe agat anois, a mhadaidh? Luigh fút go bhfeicfidh mé.’

Thóg sí an rud a bhí sé ag dul dó.

Ceirt.

Bhain sí di na miotógaí, chroch an cheirt idir a lámha agus scrúdaigh í.

T-léine mná.

Dath glas uirthi.

Rud ar bith scríofa uirthi.

Fliuch báite agus salach.

Mhothaigh a méara go raibh cnap de shaghas inteacht istigh ann.

B’éigean di é a thiontú taobh tuathail amuigh gur nocht sí póca beag a bhí fuaite ar chúl na t-léine.

Shín sí a méara isteach ann agus thóg amach trí phíosa de scragall airgid.

D’oscail sí ceann acu.

Bhuail boladh láidir a srón, boladh a d’aithin sí ar an toirt.

Raithneach.

Trí chnáibín raithnigh.

Ba mhinic a b’éigean do Sheila plé le cóisireacha a bhíodh ag mic léinn cois locha ag tús an téarma nua san fhómhar agus d’aithin sí láithreach gur mó seans gur sin an t-am a fágadh an t-léine ar an bhruach.

D’amharc sí thart. Cuma air nach raibh a dhath eile fágtha ina ndiaidh acu.

‘Bhuel, sin sin, a choilí,’ ar sise.

‘Am baile.’

Fad is gur shoiprigh Blu i suíochán paisinéara an jíp bhreathnaigh Sheila bruach thall an locha lena déshúiligh.

Choinnigh sí a méar ar an ghléas fócais. Agus í á bhogadh go mall, lig sí dá súile dul ó cheann ceann an bhruaigh ag coimhéad amach d’aon rud as bealach.

A dhath ar bith.

Mhúscail sí an t-inneall, chuir an jíp i ngiar agus thosaigh ag dreapadh an chnoic.

‘Seiceálfaidh muid gach rud i ndiaidh Lá an Altaithe, a Blu,’ ar sise, ‘nuair a bheas na coirpigh uilig ar ais óna saoire!’

Bhí sé ina jóc ag póilíní Langan gurbh ionann doineann mar a bhí acu ar maidin agus saoire do na póilíní.

Go raibh glúin nua de choirpigh in Langan, lucht na mílaoise gan dabht, a bhí chomh híogair sin is nach gcuirfeadh siad a ngaosán amach ar dhoras dá mbeadh sé ag plúchadh sneachta nó ag greadadh fearthainne.

Bíodh sin fíor nó ná bíodh, bhí sí ag dúil le dhá lá shaora le go mbeadh sí ar ais ar a seanléim faoi am fillte ar an obair Dé hAoine.

Thosaigh na chéad chalóga sneachta ag snámh anuas as spéir dhúliath agus í ag dul thar mhullach an chnoic.

Cith éadrom ar dtús ach faoin am a bhain sí an croisbhealach amach, bhí an ghaoth ag treisiú agus an sneachta ag titim go trom.

Thóg sí an casadh ar dheis ag an chroisbhealach an iarraidh seo agus ba go fonnmhar a thug sí aghaidh faoi dheireadh ar an bhaile.

Bhí sí ar tí dul ar an Mhórbhóthar IdirStáit nuair a líon torann statach an cábán.

Guth fir.

‘An bhfuil tú ann, a Shirriam?’

Stop sí ar thaobh an bhealaigh agus thóg sás láimhe an raidió.

An Leas-Sirriam Raul Perez.

‘Hei, seo mé, Raul. Cad é atá ar bun agat?’

Rinne sí gáire.

‘Tá a fhios agat, ag rolláil agus patróláil. Lá eile, an cac céanna.’

‘Cá bhfuil tusa anois?’

Ar sise, ‘Tá mé díreach ag imeacht ó Loch na Gealaí.’

‘Turas seachráin mar a thuar mé?’ ar sé.

Choinnigh sí guaim uirthi féin.

‘Bhuel, tháinig mé ar steall fola ar charraig ansin. B’fhéidir go bhfuil tábhacht éigin leis, b’fhéidir nach bhfuil.  Cá bhfios. Déarfainn gur póitseáil atá i gceist. Fuil fia nó a leithéid.’

Mhúch sí méanfach.

‘Rachaidh mé abhaile anois go bhfaighidh mé néal codalta. Tá mé le bheith saor go dtí an Aoine. Labhróimid faoi ansin.’

Chuala sí Raul ag tiontú leathanach.

‘Go breá. Níl mé ag scairteadh ach chun a rá leat gur chuir mé cúpla téacs chugat níos luaithe leis na sonraí a bhí tú ag lorg. Daoine atá ar iarraidh sa cheantar.’

‘Níl a fhios agam an mbeidh siad de dhíth anois’ ar sise. ‘Ach abair leat, cad é a fuair tú?’

‘Níl ach beirt tuairiscithe ar iarraidh le seachtain anuas. Rod Reynolds, 25, iascaire ó Trent. 5 lá ar iarraidh.

‘Tá sin as an ghnáth, dar lena fhostóir. An t-am deiridh a chonacthas é bhí sé ólta go maith agus ag iarraidh síob a fháil amach as Trent i dtreo Langan.’

Lean sé leis,

‘Agus Jenny Kent, bean óg sna fichidí luath.

Deir buachaillchara s’aici, Ethan Morton, go bhfuil sí ar iarraidh le 3 lá anois.

‘Dúil mhór aici sa raithneach de réir dealraimh.’

‘Deir Ethan seo go ndeachaigh Jenny isteach chuig an bhaile mhór i ndiaidh dóibh argáil faoi raithneach ach bhí sé ar shiúl sa chloigeann ar dhrugaí agus iontach doiléir faoi na sonraí.’

Bhuail smaoineamh Sheila ina hainneoin.

 ‘A Raul, dúirt tú go bhfuil Jenny seo iontach tugtha don raithneach.’

‘Cinnte,’ arsa Raul. ‘Fuair sí dhá rabhadh cheana as í a bheith ina seilbh aici.’

‘An bhfuil cur síos agat ar na héadaí a bhí á gcaitheamh aici nuair a d’imigh sí?’

‘Bhí mo dhuine ar shiúl leis na drugaí, ní thiocfadh liom aon rud cinnte a fháil as. Ach amháin gur mhaith leis go gcuirfí an dlí ar a chailínchara… fan soicind go bhfaighidh mé seo i gceart. Ba mhaith leis, agus seo é, focal ar fhocal, “go gcuirfí an bhitseach faoi ghlas as $50 agus trí chnáibín cannabais a ghoid uaidh. Cannabas a bhí agam do m’úsáid phearsanta, ar ndóigh”.’

‘Trí chnáibín?’

‘Sin a dúirt sé.’

Thost sí tamall. Bhí a hintinn ina cíor thuathail.

‘Éist a Raul. Ba mhaith liom go scaipfeá grianghraf de Jenny thart ar oifigigh phatróil s’againne tríd an chontae ar fad. Láithreach bonn!

Tá seo práinneach. Go gcoinneodh siad súil amach di. Cuir chugam láithreach aon scéal a thiocfaidh ar ais mar gheall uirthi.’

‘Maith go leor,’ ar seisean. ‘Ar mhaith leat a rá liom cad é atá do do bhuaireamh?’’

‘Ar ball. Níl ann ach buille faoi thuairim. Labhróimid faoi ar ball. Slán.’

Buille faoi thuairim.

Ach bhí sí cinnte de go raibh a buille faoi thuairim céad faoin gcéad cruinn.

Cén seans gur chomhtharlúint é gur tháinig Sheila ar t-léine mná le trí chnáibín cannabais ann, in aice le steall fola ar bhruach locha nach bhfuil millteanach fada ón áit a bhfacthas Jenny go deireanach?

An í screadach Jenny a chuala Matt? An raibh Jenny marbh? Gortaithe? Ar fuadaíodh í?

Tharraing sí anáil mhór.

Coinnigh an cloigeann, a Sheila, ar sise léi féin.

An raibh sí ag déanamh míol mór de mhíoltóg?

Céad riail i lámhleabhar an tSirriam.

Lig don fhianaise thú a threorú. Seachas teoiricí nó tuairimí.

Fianaise.

Ní raibh fianaise dá laghad aici.

Ná cruthúnas go fiú gur tharla coir.

Thiocfadh dó go raibh an léamh s’aici ar an scéal mícheart ar fad.

Ní raibh aici ach buille faoi thuairim.

Ach nuair a bhíodh sí ina bleachtaire, ní thugadh siad aird riamh ar lámhleabhar na bpóilíní.

Chuaigh bleachtaire leis an rud a bhí na putóga ag insint duit.

Agus bhraith sí go raibh an tréanphreabadh ina putóga ag insint di gur tharla rud éigin millteanach do Jenny Kent.

Chas sí an roth stiúrtha go tobann agus gan an jíp a mhoilliú rinne sí U-chasadh agus thug aghaidh ar an stáisiún.

‘Ní tráth an amhrais é, a Blu,’ ar sise os ard. ‘Ní tráth an amhrais é.’

Bhí síobadh sneachta arís ann.

Rinne na cuimilteoirí a gcuid oibre go maith ach chuir a gclic cleaic rithimeach leis an fhonn a bhí uirthi a súile a dhruidim.

Chas sí síos an fhuinneog.

Lig don aer fhuar dul thairsti.

Feadh an chéad fiche bomaite eile ar an ród, d’oibrigh sí amach ina  cloigeann liosta de na rudaí uilig ab éigean a dhéanamh gan a thuilleadh moille.

Scrúdú dlí-eolaíochta ar an fhuil agus ar an cheirt a shocrú.

Buíon a eagrú le dul a chuartú dhá bhruach an locha a luaithe is a bheadh briseadh san aimsir.

An loch féin a chuardach.

Dá mbeadh fáil ar ingearán thiocfadh leo tosú air sin gan mhoill.

An buachaillchara sin a cheistiú i gceart.

Fáil amach an raibh ceamaraí CCTV áit ar bith faoi chóngar don loch.

Dá mbeadh sí mícheart faoi seo, bheadh daor uirthi as an oiread sin d’acmhainní na Roinne a úsáid ar scéal seachráin.

Ach ní raibh sí mícheart. Bhí a fhios sin aici ina croí. Ar an drochuair.

Bhuail a fón agus tharraing sí isteach ar thaobh an bhealaigh.

‘Heileo, an Sirriam Doolin anseo,’ ar sise ag brú cnaipe ar an fón.

‘Heileo, seo agat Leas-Sirriam Allen in Morton.’

Baile a bhí thart faoi 40 míle ó thuaidh de Langan.

Chuir siad iad féin in aithne dá chéile.

Lean sé leis,

‘Díreach i ndiaidh an grianghraf sin a sheol Leas-Sirriam Raul amach a fheiceáil. Bhéarfainn mionn gur sin an bhean óg a chonaic mé le taobh an bhóthair ag síobshiúl go Rooks Cross, am lóin inné.

‘Bhí rún agam stopadh agus í a thógáil ach tharraing carr isteach romham agus chuaigh sí isteach ann.’

‘Cén sort cairr?’

‘Sedan dubh. Cuma úrnua air. Carr ar cíos, b’fhéidir. Ach úrnua go cinnte.

‘Sheas fear amach as suíochán tosaigh an phaisinéara agus lig dise dul isteach ar chúl.

‘Bhí an trácht trom agus níor éirigh liom an uimhirphláta a fheiceáil i gceart. Ach uimhirphláta as stát a bhí ann.’

Arsa Sheila, ‘’Greamaitheoir ar an fhuinneog chúil a raibh réalta Texas air?’

‘Sin é. An bhfuil cur amach agat air?’

‘Tá. Mo leithscéal ach caithfidh mé imeacht. Míle buíochas as do chuidiú.’

Thosaigh Sheila láithreach ar chumadh téacs do Raul.

‘Cuir amach FFP, Fógra Faire Práinneach, sedan dubh, úrnua, greamaitheoir le réalta Texas air. Beirt fhear. Stop agus gabh iad. Ag caitheamh leis seo mar fhuadach, nó dúnmharú seans. Mise ar mo bhealach isteach chuig an stáisiún.’

Sheol sí é ach níor chuir sí chun bealaigh.

Dhruid sí a súile, shín siar sa tsuíochán agus thug iarraidh suaimhniú.

Thar aon am eile riamh, mhothaigh sí gur seo am a bhí a cuimhne fhótagrafach uaithi.

I súil a hintinne, rinne sí iarracht athbhreithnú ar ar tharla nuair a chonaic sí an sedan an mhaidin sin.

Bhí gach rud doiléir. Dorcha.

D’oscail sí a súile.

Bhí a fhios aici óna taithí fhada nárbh fhéidir léi é a bhrú. Go háirithe agus í chomh tuirseach sin. Ligfeadh sí dó fabhrú ina hintinn tamall.

D’ith sí úll agus bhreathnaigh amach ar an fhuinneog seal.

Dhruid a súile arís.

Thug chun beatha as an úr ina cuimhne an sedan dubh le taobh an bhealaigh, an sneachta agus an dorchadas.

Dhírigh sí ar an tsracfhéachaint ríghasta a fuair sí ar an charr nuair a thiomáin sé faoi loinnir cuaille solais.

Dá mbeadh uirthi tomhas a dhéanamh, déarfadh sí gur BKH a bhí ar na litreacha.

Ach níor chuidiú é tomhas.

D’fhan sí tamall eile. Thriail arís é.

Chonaic sí arís eile na litreacha BKH.

Agus íomhá eile. Rud nár thug sí suntas dó ag an am. An greamaitheoir le réalta Texas ar an fhuinneog chúil.

Thíos ag bun ar dheis bhí cruth doiléir agus scríbhinn lena taobh a bhí róbheag lena léamh.

Ní thiocfadh léi é a oibriú amach. Ach d’aithin sí é. Nó uair nó dhó, thóg sí féin carr ar cíos ó Aerfort Huston.

Bhreathnaigh sí an clog ar an deais.

11.00.

Chonaic sí an carr ar 7.00rn.

An treo a ndeachaigh sé bhí siad ag triall ar an Mhórbhóthar IdirStáit. Thógfadh sé trí uair an chloig, trí uair go leith orthu dul chuig an aerfort.

Mura raibh an trácht trom.

Murar stop siad ar an bhealach.

Seans go raibh sí rómhall.

Ach seans nach raibh.

Thiocfadh léi an t-aerfort a bhaint amach in am. Iad a stopadh. Iad a ghabháil.

Chuir sí a fón ar an lámhsaor. Scairt ar Raul.

Fuair sí clingthon a lean agus a lean.

Mhúch sí an fón.

Breast Raul!

Chuir sí chun bóthair. Chuir na soilse gorma agus an bonnán ag dul agus ghéaraigh ar an luas.

Bhuail isteach ar a fón an uimhir do líne thalún na hoifige.

An clingthon arís eile. Lig sí dó bualadh agus bualadh.

Scairtfeadh sí ar na póilíní san aerfort.

Go fiú dá mbeadh a haird ar fad ar an ród, gach seans nach mothódh sí an t-oighear dubh luath go leor.

De phreab, shleamhnaigh cúl an jíp ar dheis. Chas Sheila an roth stiúrtha go gasta féacháil lena dhíriú.  B’fhéidir gur luasc sí an roth go róthobann nó gur bhrúigh sí go róthrom ar na coscáin.

Thosaigh an jíp ag rothlú chomh láidir agus chomh gasta sin is gur chaill sí gréim ar an roth stiúrtha.

Bhuail sé ciumhais an bóthair le tuairt mhillteanach agus caitheadh cloigeann Sheila i gcoinne na taobhfhuinneoige chomh trom sin is gur bheag nár imigh an mothú aisti.

Bhraith sí go raibh an jíp san aer agus ar oscailt a súl di, bhí an pháirc ag éirí aníos chuici.

Shíob an domhan thart timpeall uirthi.

Chonaic a súile an gaothscáth ag pléascadh ina smidiríní. Líon a cluasa le torann de mhiotail agus de ghloine agus de fiche rud eile á meilt.

Chuala sí scread scáfar. Scread nár aithin sí. Cé gur as a béal féin a tháinig sí.

Thit ceo ar a cuid súl. Chuala sí glam as Blu a bhí idir thafann agus scread sular éalaigh sí isteach sa dorchadas.

Bhí sé 20 bomaite níos moille nuair a tháinig céachta sneachta a fhad le láthair na taisme.

Seans nach dtabharfadh Marty Peters an jíp faoi deara ar chor ar bith nó ní raibh ar a aird ach an bóthar os a chomhair agus an ceol a bhí ag réabadh tríd na cluasáin aige.

Deacair a shárú ar AC/DC.

Ach bhí lorg luascach de rotha cairr le sonrú go fóill ar an sneachta sa ród amach roimhe agus lean a shúile iad go bhfaca sé jíp a bhí bun os cionn sa tsneachta.

Bhí cuid den fhocal ‘Póilís’ i litreacha móra dubha ar a thaobh, é clúdaithe le brat sneachta ach ba léir ón tsolas ghorm a bhí ag splancadh ar an díon gur feithicil de chuid na bpóilíní é.

Stop sé an céachta, scairt ar otharcharr agus bhuail amach tríd an tsneachta i dtreo an jíp.

Sular bhain sé an láthair amach, mhothaigh sé go raibh cnap faoi chlúdach sneachta achar beag chun tosaigh ar an fheithicil.

Chuaigh sé ionsair. A chroí ina bhéal. Chuir fuil masmas air agus dúirt sé paidir ina intinn nach mbeadh corpán ann.

Chuaigh sé ar a glúine agus ghlan ar shiúl an clúdach sneachta ar bharr an chnaip.

Corpán a bhí ann.

Corpán madaidh.

Ba léir ó na súile agus ón fhuil lena bhéal go raibh sé marbh.

Bhain sé croitheadh as Marty ach bhí sé buíoch nach corp duine a bhí ann.

Thriall sé go drogallach ar an jíp.

D’ísligh é féin agus shín ar a bholg ar an tsneachta thíos faoi thosach an chairr.

Bhí bean strapáilte isteach bun os cionn i suíochán an tiománaí. Í brúite siar ag mála aeir sábháilteachta. Duine ar bith eile. Bhí fuil ag sileadh ó chréachtaí agus ó ghearrthacha fud chorp na mná. A súile druidte, a béal oscailte.

Bhain sé de a mhiotógaí.

Chuir sé a lámh os comhair bhéal na mná le mothú an raibh sí ag análú.

Bhí.

D’oscail an bhean a súile de shnap.

Baineadh geit as Marty ach choinnigh sé stuaim air féin.

‘Beidh tú i gceart,’ ar seisean de chogar. ‘Tá otharcharr ar an bhealach. Ná bog.’

Rinne sí iarracht caint ach níor tháinig ach anáil throm as a béal.

‘Ná labhair,’ ar sé. ‘Déan iarracht gan bogadh.’

Fuair sí gréim docht láimhe air agus dúirt i nguth fann, ‘Fón. Tabhair dom fón.’

10 gciliméadar siar, bhí cith sneachta i ndiaidh glanadh ar shiúl ó Loch na Gealaí.

Tháinig an ghrian amach as cúl néil agus spréigh cúpla ga de lagsholas ar an loch.

Shoilsigh uaireadóir órphlátaithe Rod Reynolds go fann san uisce uair amháin eile.

Ní fhacthas a splanc an iarraidh seo.

Scríob an corpán i gcoinne na leice oighir.

Ní raibh an gearradh a rinne an scian ar a scornach ag cur fola a thuilleadh.

Bhí an rópa a bhíodh ar a chuid lámh scaoilte agus a sciatháin ag spré amach san uisce.

A ascaill chlé ag brú i gcoinne an dara corpán lena thaobh.

Ní raibh an corp s’aici chomh hata lena chorpsa.

An aghaidh s’aici béal faoi ar ghrinneall an locha.

Gearradh den tsórt chéanna ar a muineál siúd.

Thiontaigh an lá ina oíche.

Luasc an dá chorp.

Sáinnithe lena chéile.

Go dtí go dtiocfadh an leá.

An sedan dubh a bhí na póilíní a lorg, bhí sé i scuaine de charranna a bhí ag fanacht le dul isteach in ionad páirceála ag Aerfort Huston.

Ní hionann is tiománaithe eile sa scuaine, ní raibh tiománaí an sedan a mharú ag an leadrán agus é ag fanacht.

Bhí sé corraithe.

Le súil a aigne bhí sé ar ais cois locha, ag athshamhlú na n-íomhánna agus na mothúchán a bhain le marú na mná.

An chorraíl a mhothaigh sé agus é á hiompar as bút an chairr agus á dumpáil ar bhruach an locha.

An sceimhle ina súile liathghlasa, na lámha s’aige ag druidim thart ar a muineál.

A chumhachtaí is a mhothaigh sé agus é ag amharc ar an bheatha ag imeacht uathi ag an am chéanna is a chonaic sise an bás ag teacht chuici.

Lig sé amach osna sásaimh.

Ní thiocfadh leis a sháith a fháil de na mothúcháin sin.

Bhris bualadh adhairce ar a chúl ar a phléisiúr.

Chroith sé lámh go leithscéalach leis an tiománaí agus thiomáin ar aghaidh.

Pháircéail sé an sedan dubh sa chlós do charranna ar cíos, d’fhág na heochracha ar an deasc agus báite i solas na maidine bhrúigh sé a mhála taistil ar rothaí suas an rampa go Críochfort a Dó.

Á choimhéad féin i rith an ama ar scáileán ollmhéide a thaispeáin daoine ag teacht i dtreo an doras tosaigh.

Thaitin a bhfaca sé leis.

Gnáth-Mheiriceánach fir, sna 30idí luatha, shílfeá, gruaig chatach dhubh, bolg beag, é ard agus chomh díreach le feag i ndiaidh na mblianta den tsaol taobh amuigh.

Culaith ghorm dhorcha, léine bhán úrghlan, agus carbhat gorm tanaí ceangailte go néata. Gnáthchulaith an fhir ghnó Mheiriceánaigh.

Ní chuirfeadh duine ar bith sonrú ar leith ann.

Bhailigh sé a thicéad agus i gcaifé os cionn na tolglainne imeachta d’ordaigh sé cappuccino tanaí le steall de shíoróip chollchnónna agus muifín fraochán gorm.

Neam neam!

Bhí a sháith faighte aige de mhuifíní stálaithe agus caifé cáidheach.

Bhí an dá mhí a bhí caite aige ar chúlbhóithre stáit dheisceartacha Mheiriceá ar an dá mhí ba shásúla a bhí aige leis na cianta.

Camchuairt deiridh mar a ba chóir do chamchuairt deiridh a bheith.

Ach dhá mhí fhada gan pléisiúir na mbailte móra.

Bheadh siad sin uilig anois aige.

San Eoraip.

Choimhéad sé scuaine daoine ag fanacht le dul tríd an gheata slándála.

Chuir siad déistin air.

Aineolaithe soineanta a b’éigean a thaispeáint díobh an dóigh lena mbróga a bhaint díofa nó a ríomhairí glúine a thógáil as a málaí iompair nó a gcriosanna a scaoileadh.

Caoirigh fhaiteacha.

Ag leanúint don tréad.

Ní fhillfeadh sé riamh ar bheith ina chaora.

Ní i ndiaidh dó blaiseadh de na rudaí ar bhlais seisean díofa.

Thóg sé a ghuthán póca agus chum téacs.

‘B’iontach a bheith ar ais lena chéile, Ernie. Camchuairt speisialta! Mairg go mbeidh orm imeacht anois. Coinnigh i dteagmháil. Go dtí an athuair. Brad.’

Sheol sé é.

‘ Warren Taylor?’

D’amharc sé suas ar bhean faoi éide a bhí ina seasamh os a chomhair.

‘Tá sin ceart.’

Bhí aoibh gháire ag an aeróstach a thaitin go mór leis.

‘Tá muid i ndiaidh roinnt paisinéirí a uasghrádú agus tá tusa ar dhuine acu.

‘Beidh tú sa ghrád diamaint don turas seo má tá sin maith go leor?’

Chlaon sé a cheann.

‘Beidh tú ag bordáil roimh na paisinéirí eile, díreach má leanann tú mé.’

Threoraigh sí tríd an tslua é.

D’fhan Warren cóngarach di ag baint taitneamh as bogadh a coirp faoina cúlaith theann bhuídhonn.

Ar an eitleán, chuir sí ina shuí i suíochán chun tosaigh sa chéad ghrád é.

Thóg uaidh a bhagáiste láimhe, shín in airde lena chur sa chófra.

Chuaigh sé sa tseans le líon a dhá shúl a fháil dá corp. Deas.

Réitigh sí a gúna. Aoibh ghasta gháire.

‘Anois,’ arsa sí, ‘cad é a ba mhaith leat?’

‘Sin ceist!’ ar seisean.

‘Le hól!’ ar sise agus an gáire ag briseadh uirthi.

‘Ná habair, lig dom tomhas. Uisce beatha?’

‘Pé rud a mholann tú féin tá sé maith go leor liomsa.’

‘Tá sin ar dóigh, a Uasal Taylor.’

‘Tabhair Warren orm.’

‘Is mise Kerri.’

‘Cárb as tú, a Kerri?’

‘As Illionis, agus tusa?’

‘Wyoming, amuigh san fhiántas.’

Shín sí cuisín chuige.

‘Fear fiáin mar sin’

Rinne sí aoibh mhagúil.

‘Thig liom a bheith.’

‘Suimiúil.’

Thug sí biachlár dó.

‘Suigh tusa siar, a Warren, agus lig domsa amharc i do dhiaidh. Beidh mé ar ais díreach.’

Lean a shúile í síos an pasáiste go ndeachaigh sí i bhfolach ar chúl an chuirtín.

Seo an saol, a dúirt sé leis féin.

Dhéanfadh sé maitheas dó dul chuig an Eoraip.

Bhí briseadh de dhíth air.

Rudaí úrnua ag teastáil ina shaol.

Ba thrua go mbeadh air dul i mbun cúrsaí ina aonar feasta ach d’fhillfeadh sé abhaile i gceann bliana.

Nuair a bheadh rudaí níos ciúine.

Tháinig sí ar ais agus tralaí léi.

Dhoirt leathghloine d’uisce beatha isteach ina ghloine. Cúpla ciúb oighir.

Nuair a thug sí an ghloine dó, bhuail a méara le chéile.

Rinne siad beirt scig-gháire.

Ise a labhair ar dtús.

‘Ba bhreá liom seal cainte a dhéanamh leat ach tá mo chuid dualgas agam. Beidh an t-eitleán beagnach lán inniu.’

‘Is trua sin,’ ar seisean. ‘Ach nár chuala mé go bhfuil beáir iontacha acu in Éirinn? B’fhéidir go mbeadh am saor agat le mé a thabhairt amach chuig ceann acu sin.’

‘Bheadh sin deas,’ ar sise. ‘Iontach deas. Chífidh muid cad é mar a rachfas rudaí.’

Mheabhraigh sí.

‘Ní fhaighimid mórán am saor agus muid ag tiontú thart. Sé uair an chloig de ghnáth.

‘Ach tá mé i dteideal saoire go luath. Cúpla lá. Chífimid. Pléifidh mé le mo shaoiste é.’

‘Bhuel,’ ar seisean. ‘Tá 3,000 míle agam le tú a mhealladh. Sláinte!’

‘Sláinte!’ agus d’imigh sí.

Teelings a bhí scríofa ar an bhuidéal a d’oscail sí.

Ní raibh mórán taithí aige ar uisce beatha.

Smaoinigh sé ar na fógraí a bhí feicthe aige. Shamhlaigh sé go raibh sé ag fáil boladh chaoráin na hÉireann agus uisce srutháin sléibhe.

Bhí bolgam aige.

Luasc thart ina bhéal é.

Shlog siar é.

Shleamhnaigh an t-uisce beatha síos a sceadamán go réidh.

Chuir sé fáilte roimh an dó ina scornach, ina ghoile.

Mhothaigh an teas lena leicne.

Chuir sé uaidh an ghloine.

Bhain de a sheaicéad agus a charbhat.

Thug sé amach a fón póca agus á úsáid mar scáthán rinne sé dianstaidéar ar a aghaidh.

Cuma thuirsiúil uirthi.

An oiread sin oícheanta gan codladh ceart.

Agus bhí féasóg lae air.

Déarfadh daoine leis gur fhóir sé dó ach níor thaitin sé leis.

An iomárca ribí liatha tríd.

Choinnigh sé lena scrúdú.

Ní raibh an luisne ina ghnúis a bhíodh ann de ghnách.

Maothóir de dhíth.

Maothóir.

Ceann eile de phléisiúir bheaga an tsaoil a bheadh aige anois agus é ar ais sa tsibhialtacht.

Bhí ar tí an fón a chur uaidh nuair a rith smaoineamh leis.

Stán sé ar an scáileán fóin.

Nocht sé a chár.

Rinne meangadh gáire.

An aoibh dheas shoineanta ghealgháireach sin.

Dochreidte! a smaoinigh sé.

Níl le déanamh agat ach sin agus mealltar iad.

Achan uile uair.

Dochreidte!

 

‘Siúlach, scéalach…….marfach’