Tharla dhá mhóreachtra scaoilte in dhá chuid éagsúil de Stáit Aontaithe Mheiriceá ag an deireadh seachtaine.

El Paso, Texas

In El Paso, cathair teorann in Texas atá buailte le Ciudad Juárez i Meicsiceo tá ar a laghad 20 duine marbh tar éis gur thosaigh fear gunna ag scaoileadh daoine in ollmhargadh sa chathair. Ghabh na póilíní fear 21 bliain d’aois ar láthair an ionsaithe.

D’ainmnigh meáin chumarsáide SAM é mar Patrick Crusius a bhfuil cónaí air in Allen i mórcheantar Dallas, tuairim agus 650 míle ar shiúl ó El Paso

Deirtear gur phostáil an t-amhrastach ábhar ar líne ag maíomh go raibh “Ionradh Easpáinneach” ag tarlú in Texas. Is de bhunadh Easpáinneach beagnach 83% de mhuintir El Paso.

Dhearbhaigh Andrés Manuel López Emanual Obrador Uachtarán Mheicisiceo go raibh ar a laghad seisear as Meicsiceo i measc na marbh.

Dayton, Ohio

In eachtra eile maraíodh naonúr ar an Domhnach in Dayton, Ohio nuair a scaoil gunnadóir 24 bliain d’aois Conor Betts, ar ghrúpa daoine i lár na cathrach sin. Thosaigh an sléacht ag 01:05 i gceantar Oregon sa chathair. D’éalaigh roinnt daoine isteach i gclub oíche agus rinne an gunnadóir iarracht iad a leanúint, leis sin scaoil na póilíní é ag doras an chlub oíche. Níor mhair an t-ionsaí ach 30 soicind san iomlán.

Bhí sé faoi arm agus faoi éide agus breis armlóin ina sheilbh aige dá raidhfil ionsaithe de chalabrú .233. Bhí a dheirfiúr féin, Megan Betts i measc na ndaoine a mharaigh sé. Bhí sí 22 bliain d’aois. Ní fios go fóill cad é ba chúis leis an ionsaí seo.

Mhaígh Uachtarán SAM, Donald Trump go raibh na hionsaithe ag an deireadh seachtaine bainteach le “fadhb meabhairghalar”

Ach tá polaiteoirí eile i Meiriceá ag cáineadh Trump go géar as na ráitis a rinne sé maidir le hinimircigh Easpáinneacha agus grúpaí eile thar na blianta agus á rá gur chruthaigh seo atmaisféar le gur mó seans go dtarlódh a leithéid d’eachtraí.