Rugadh agus tógadh Andrea i mBaile Átha Cliath. Chaith sí cúpla bliana i Lucsamburg ag obair mar dhlítheangeolaí i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ag aistriú d’Aonad na Gaeilge. Léirigh sí clár raidió fad is a bhí sí i Lucsamburg faoi cheol agus cultúr na hÉireann. Tá grá mór aici don Ghaeilge agus do cheol, go háirithe soul ceol agus hip-hop. Tá neart ceoltóirí ó Éirinn théis teacht chun tosaigh sa domhan hip-hop le blianta beaga anuas agus ba mhaith léi aird a tharraingt orthu. Agus í ar ais in Éirinn, chuir sí le chéile clár ceoil ina léirítear roinnt de na ceoltóirí is mó sna seánraí soul, neo-soul agus hip-hop ó na seascaidí sna Stáit Aontaithe go dtí na hochtóidí sa Bhreatain agus sa lá atá inniu ann in Éirinn. Beidh Andrea ag caint chomh maith sa chlár, le hOla Majekodunmi faoina léiriúchán nua, Say My Ainm, faoi mhná inspioráideacha ina saol agus faoina grá atá don Ghaeilge.