Tá gaoth anoir aneas de luas 45 míle san uair tuartha don tuaisceart ar an Déardaoin agus Stoirm Labhráis ag déanamh a bhealach ionsar Éirinn. Meastar gur iarthar na hÉireann is measa a bheidh thíos leis an stoirm agus “Rabhadh Óráiste” ann do Gaillimh, Maigh Eo, an Clár, Corcaigh, Ciarraí agus Luimneach áit a bhfuil gaoithe de 65-80 ciliméadar san uair tuartha agus feothain ghaoithe de 100-130 ciliméadar san uair, beidh aimsir níos measa ann ar an chósta. Táthar ag tuar go mbeidh tuiltí ann ar an chósta agus damáiste déanta.