Beidh taispeántas grianghrafadóireachta ag titim amach le linn na seachtaine ina n-amharcfar siar ar bhreis agus 37 bliain den raidió Gaeilge i mBéal Feirste.

Taispeántas ina ndíreofar ar stair agus ar chairde an stáisiúin ar feadh na mblianta mar atá le feiceáil i ngrianghraif.

Beidh an taispeántas le feiceáil san áit imeachtaí ‘An Lonnán’ ar an bhunurlár d’fhoirgneamh Raidió Fáilte ar:

  • Luan 8ú: 2-4i.n.
  • Máirt 9ú go Satharn 13ú: 10r.n.-4i.n.

Beidh caifé An Lon Dubh ar oscailt agus beidh rogha de bhéilí idir the agus fhuar, tae, caife agus smailceacha ar fáil le ceannach.

Ní bheidh táille isteach le híoc ná ní bheidh áirithint ar bith de dhíth.

Teagmháil le hEoghan Ó Néill:

An Lon Dubh

Raidió Fáilte

30 Sráid Fáilte

Béal Feirste

BT12 4AL