Fuair Fianna Fáil an méid is mó suíochán sa toghchán ach nuair a chuirtear san áireamh go dtoghtar an Ceann Comhairle isteach go huathfheidhmeach gan vótaí bhain Sinn Féin agus Fianna Fáil an méid céanna suíochán. Bhain Sinn Féin 27 suíochán den 37 a fuair siad ar an chéad chuntas. Ní raibh ach 42 iarrthóir san iomlán acu. Ní fios go fóill cad é an leagan amach a bheidh ar an rialtas nua nó cé acu Mary Lou McDonald nó Michéal Martin a bheidh ar an chéad taoiseach eile.

 

Aontú = 1 Suíochán amháin

Comhaontas Glas = 12 Suíochán

Daonlathaigh Shóisialta = 6 shuíochán

Eile = 1 Suíochán amháin

Fianna Fáil = 38 Suíochán*

Fine Gael = 35 Suíochán

Lucht Oibre = 6 Shuíochán

Neamhspleách = 19 Suíochán

Pobal Roimh Brabús = 5 Shuíochán

Sinn Féin = 37 Suíochán

 

*Fuair Seán Ó Fearghail (Fianna Fáil) isteach láithreach gan vótaí de bhrí gurbh é an Ceann Comhairle é