Aoine 13 Nollaig 2019 – mhúscail muintir an tuaiscirt agus an tírdhreach polaítíochta athraithe as cuimse. Fógraíodh go raibh leascheannaire an DUP Nigel Dodds i ndiaidh a shuíochán a chailleadh tar éis do John Finucane ó Shinn Féin an ceann is fearr a fháil air i dtoghcheantar Thuaisceart Bhéal Feirste. Chaill Emma Little-Pengelly ón DUP suíochán fosta i dtoghcheantar dheisceart Bhéal Feirste tar éis do Claire Hanna ón SDLP an ceann is fearr a fháil uirthi.

Níl ach suíochán amháin fágtha ag an DUP i mBéal Feirste. Cé gurb é an DUP fós an páirtí is mó sa tuaisceart ó thaobh méid suíochán agus méid vótaí de, chaill siad dhá shuíochán le páirtithe náisiúnacha i mBéal Feirste. Fuair Steven Farry ó Pháirtí na Comhghuallaíochta an ceann is fearr ar Alex Easton ón DUP fosta i dtuaisceart an Dúin. Ba é Alex Easton rogha na coitiantachta i dtuaisceart an Dúin iar-shuíochán Silvia Hermon.

Bhí Michelle Gildernew ó Shinn Féin agus Tom Elliot ón UUP gob ar ghob nuair a bhí na vótaí a chuntas maidin inniu i bhFear Manach/Deisceart Thír Eoghain ach fógraíodh go gairid i ndiaidh a hocht go raibh an bua ag Sinn Féin le 57 vóta. Fágann sé sin nach bhfuair na páirtithe agus ionadaithe aontachtacha sa tuaisceart ach 8 suíochán as 18 – sin titim de thrí shuíochán. Bhí 10 suíochán ag an DUP sa toghchan deireanach agus suíochán amháin ag an aontachtóir neamhspleách Silvia Hermon i dtuaisceart an Dúin. D’fhógair Silvia Hermon nach mbeadh sí ag seasamh arís nuair a fógraíodh go mbeadh toghchan eile ann. Ba é an DUP rogha na coitiantachta i dtuaisceart an Dúin ach chaill siad an suíochan leis an Alliance, páirtí a deir nach aontachtóirí ná náisiúntóirí iad.

Idir an dá linn, fuair an Páirtí Coiméadach i Sasana faoi cheannasaíocht Boris Johnson bua ollmhór ar Pháirtí an Lucht Oibre faoi cheannasaíocht Jeremy Corbyn. In Albain fuair an SNP 13 suíochán breise. Anois tá 43 suíochán acu agus is iad 3ú páirtí is mó sa Bhreatain.