Beidh Seosaimhín Nic Eachaidh i mbun clár as Gleann an Chlochair i gcontae Thír Eoghain agus beirt bhan as an cheantar sin i mbun comhrá le chéile – Beidh Seosaimhín ag labhairt leis an cheoltóir Sinéad Nic Cionnaith a bhfuil bua faoi leith aici ar an fhidil agus a bheidh ag seoladh albam ar an 9 Márta. Beidh ceol ann le Sinéad fosta agus chomh maith le dán ó Sheosaimhín. Ghlac Seosaimhín páirt i gCúrsa le Caoimhe – cúrsa de chuid Scéim Traenála Raidió Fáilte le tacaíocht ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge de chuid Scáileán Thuaisceart Éireann.