Faoi réir Chomhaontú Aoine an Chéasta bunaíodh An Foras Teanga, Comhlacht Forfheidhmithe Thuaidh/Theas, chun an Ghaeilge agus an Ultais a chur chun cinn. Faoi choimirce an chomhlachta sin, déanfaidh Foras na Gaeilge na freagrachtaí go léir i dtaca leis an nGaeilge a chur i gcrích. I measc na bhfreagrachtaí sin tá labhairt agus scríobh na Gaeilge sa saol poiblí agus sa saol príobháideach i bPoblacht na hÉireann. Tá an fhreagracht chéanna ann i leith Thuaisceart Éireann, sa chás go mbíonn an t-éileamh cuí ann agus i gcomhthéacs Chuid III de Chairt Chomhairle na hEorpa um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh.

Aistríodh foireann Bhord na Gaeilge, an Ghúim (Foilsitheoirí) agus an Choiste Téarmaíochta (Forbairt Téarmaíochta) agus a ngníomhaíochtaí ar fad go dtí an comhlacht nua.

Tá ról ag Foras na Gaeilge i dtaca le comhairle a chur ar lucht rialtais, thuaidh agus theas, agus ar chomhlachtaí poiblí agus ghrúpaí eile sna hearnálacha príobháideacha agus deonacha i ngach gnó a bhaineann leis an nGaeilge. Ina theannta sin, cuireann siad tionscadail tacaíochta ar bun agus tugann siad cúnamh deontais do chomhlachtaí agus do ghrúpaí ar fud oileán na hÉireann.

Feidhmeanna Fhoras na Gaeilge:

  • an Ghaeilge a chur chun cinn;
  • úsáid na Gaeilge a éascú agus a spreagadh sa chaint agus sa scríbhneoireacht sa saol poiblí agus sa saol príobháideach sa Deisceart agus, i gcomhthéacs Chuid III den Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh, i dTuaisceart Éireann mar a mbeidh éileamh cuí ann;
  • comhairle a thabhairt don dá lucht riaracháin, do chomhlachtaí poiblí agus do ghrúpaí eile san earnáil phríobháideach agus dheonach;
  • tionscadail tacaíochta a ghabháil de láimh, agus cúnamh deontais a thabhairt do chomhlachtaí agus do ghrúpaí de réir mar a mheasfar is gá;
  • taighde, feachtais tionscnaimh, agus caidreamh poiblí agus caidreamh leis na meáin, a ghabháil de láimh;
  • téarmaíocht agus foclóirí a fhorbairt; agus
  • tacú le hoideachas trí mheán na Gaeilge agus le múineadh na Gaeilge.

Ná déan dearmad gur ar do shonsa atá Foras na Gaeilge ag saothrú agus, mar sin, má bhraitheann tú gur féidir linn cabhrú leat ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh linn.

Is é do ghnó ár gcúram.