Fógraíocht

Cuireann Raidió Fáilte seirbhísí fógraíochta d’ardchaighdeán, i nGaeilge nó go dátheangach, ar fáil ar phraghas an-réasúnta.

Is mar fhiontar sóisialta a chuirtear gach seirbhís de chuid Raidió Fáilte ar fáil. Aon bhrabús a dhéanann muid, déanfar é a athinfheistiú sa dóigh go mbeidh muid in ann cur lenár seirbhísí ar bhonn ionchuimsitheach do phobal labhartha agus foghlama na Gaeilge agus do dhaoine eile, mar shampla an pobal áitiúil, grúpaí scoile agus cuairteoirí go cathair Bhéal Feirste.

Caifé – An Lon Dubh

Caife ó fhoinse eiticiúil arna róstadh go háitiúil, taenna duilleoga iomlána agus seacláid atá cumaiscthe go háitiúil, chomh maith le hanraith folláin, rollóga líonta, iógairt agus smailceacha – bhur gcéad fáilte isteach chuig An Lon Dubh, an t-eispéireas barista Gaelach.

Seomra Boird

An bhfuil spás áisiúil, nua-aimseartha de dhíth ort le haghaidh cruinnithe nó comhdhálacha beaga? Tá Seomra Boird Raidió Fáilte ar fáil ar cíos agus spás suí ann do 20-40 duine chomh maith le scáileán cliste 85 orlach agus ceamara le haghaidh comhdhálacha físe. Tá radhairc shuntasacha ar an chathair ón tseomra. Tá tae agus caife agus rogha d’áiseanna lónadóireachta ar fáil ach socrú a dhéanamh linn roimh ré.

Traenáil

Ar mhaith leat bheith i do chraoltóir deonach ar Raidió Fáilte? Bíonn cúrsaí traenála á reáchtáil ag Raidió Fáilte go rialta. Sna cúrsaí gheobhaidh tú an deis le clár a léiriú, a láithriú agus a chur in eagar. Agus má bhaineann tú an caighdeán cuí amach thiocfadh leat a bheith ag craoladh ar Raidió Fáilte 107.1FM. Le haghaidh tuilleadh eolais gabh i dteagmháil linn ar traenail@raidiofailte.com nó ar 028 90 310013.

Stiúideo taifeadta

An ceoltóir thú? An bhfuil tú ag obair in earnáil na n-ealaíon nó i ngnó ina bhfuil taifead i nGaeilge nó taifead dátheangach de dhíth? Tá stiúideo taifeadta nua-aimseartha, d’ardchaighdeán ar fáil i Raidió Fáilte. Tá áiseanna don ghuthú, don eagarthóireacht fuaime agus don mheascadh fuaime ar fáil chomh maith.

Áiseanna Image