Maoiníonn an ciste ar a laghad 70 uair an chloig d’ábhar i nGaeilge in aghaidh na bliana, ábhar a chraoltar ar BBC Thuaisceart Éireann, TG4 & RTÉ. Tá maoiniú forbartha agus léiriúcháin ar fáil do raon leathan seánraí teilifíse. Cuireann an CCG maoiniú ar fáil do raon tionscnamh oiliúna do chainteoirí Gaeilge atá ag obair san earnáil léiriúcháin anseo fosta, nó ar mian leo dul ag obair inti. Faoi Tosaíochtaí an CCG tugtar treoir ghinearálta ar an chineál ábhar is mian linn a mhaoiniú.

Cuireann an CCG cáipéisí coimisiúnaithe bliantúla amach fosta i gcomhar le craoltóirí BBC TÉ, TG4 agus RTÉ, ina mbíonn treoirlínte a thugann mionsonraí faoin chineál ábhar is mian linn a mhaoiniú i gcomhar le gach ceann de na craoltóirí.

Le haghaidh tuilleadh eolais brúigh ANSEO.

Scéim Traenála Raidió Fáilte i gcomhar leis an Chiste Craoltóireachta Gaeilge

Cuireann Raidió Fáilte traenáil i scileanna raidió agus craoltóireachta ar fáil le tacaíocht ó Chiste Craoltóireachta na Gaeilge Scaileán Thuaisceart Éireann.

Bíonn Raidió Fáilte ar lorg Gaeilgeoirí cruthaitheacha le páirt a ghlacadh sa chúrsa traenála seo.

Dianchúrsa i scileanna raidió agus craoltóireachta atá i gceist. Bíonn na rannpháirtithe ag foghlaim an dóigh lena gclár raidió féin a ullmhú, a chur i láthair, a thaifeadadh agus a chur in eagar.

Le cois bunscileanna raidió, bíonn na rannpháirtithe ag foghlaim scileanna agallaimh agus cur i láthair, an dóigh le trealamh ardteicniúil taifeadta agus eagarthóireachta Raidió Fáilte a úsáid taobh istigh den stiúideo agus úsáid gléasanna taifeadta in-iompraithe le hagallaimh, vox-pops agus imeachtaí a thaifeadadh taobh amuigh den stiúideo, chomh maith le modhanna taighde agus scríobh scripteanna le haghaidh clár raidió, agus eagarthóireacht agus meascadh fuaime.

Deis iontach atá sa chúrsa traenála seo le tús a chur le slí bheatha sna meáin chumarsáide mar láitheoir raidió nó mar iriseoir agus do chlár raidió féin a chruthú ar stáisiún raidió lán-Ghaeilge.

Bíonn aoi-chainteoirí ag teacht isteach ó na meáin chumarsáide náisiúnta le comhairle a thabhairt do dhuine ar bith atá ag smaoineamh faoi shlí bheatha in earnáil an raidió nó sna meáin chumarsáide.

Anuas air sin, bíonn an deis ag na rannpháirtithe a slot féin a fháil ar sceideal gnóthach Raidió Fáilte – an t-aon staisiún lán-Ghaeilge i dTuaisceart Éireann.

Ná cailligí an deis!

CLICEÁIL ANSEO LE CUR ISTEACH AR AN CHÚRSA.

Nó gabh i dteagmhéal le Dónall Chaoimhín Mac Murchaidh ar 028 90 310013 nó seol ríomhphost chuig donall@raidiofailte.com.