Bígí linn ar an tSatharn 17 agus 24 Meitheamh le haghaidh cúrsa lán le craoltóireacht, le craic agus le cuideachta. Beidh Bunchúrsa á chur ar siúl ag an stáisiún raidió Gaeilge chun bunscileanna sa chraoltóireacht raidió a theagasc do lucht na Gaeilge. Beidh an cúrsa ar siúl ar an tSatharn 17 agus 24 Meitheamh 10am go 4pm. Le linn an chúrsa traenála, beidh an deis agat do chlár raidió féin a léiriú, a láithriú agus a chur in eagar. Is féidir freastal ar an chéad lá amháin (Satharn 17 Meitheamh) nó ar an chéad agus an dara lá (Satharn 24 Meitheamh san áireamh).

Cuirfear fáilte roimh chách sa chúrsa coicíse seo” arsa Dónall Chaoimhín Mac Murchaidh, Oifigeach Léiriúcháin agus Traenála Raidió Fáilte, “níl aon taithí de dhíth chun freastal ar an Bhuncúrsa seo i Scileanna Raidió agus Craoltóireachta agus cothófar muinín na gcraoltóirí nua trí shraith d’aonaid fhoghlama a chuirfidh ar a gcumas clár raidió a thaifead”.

Cúrsa saor in aisce atá i gceist agus é dírithe ar Ghaeilgeoirí ar mhaith leo triail a bhaint as clár raidió a léiriú, a láithriú agus a chur in eagar. Beidh an deis ag daoine le taithí foghlaim faoi chur chuige agus córas Raidió Fáilte i dtaobh cláir raidió a léiriú agus beidh an deis ag tosaitheoirí na bunscileanna a fhoghlaim”.

Tapaigh an deis. Déan teagmháil linn inniu ar 028 90 31 00 13 nó seol r-phost chuig traenail@raidiofailte.com

 

 

 

Maidir le Raidió Fáilte

Is craoltóir comhdheiseanna é Raidió Fáilte. Tá taithí na mblianta ag ár bhfoireann agus ár gcraoltóirí deonacha sa léiriúchán raidió. Is iomaí duine atá ag obair sna meáin náisiúnta agus idirnáisiúnta a chuir tús lena slí bheatha le Raidió Fáilte.

 

Maidir le Dónall Mac Murchaidh