D’éirigh le Sinn Féin 27 vóta céad rogha a thabhairt chucu féin ar an chéad chuntas san olltoghchán ar an Satharn 8 Feabhra. Bhí Stoirm Ciara ag séideadh ach fós féin tháinig 62% de vótairí na 26 chontae le vóta a chaitheamh ar an lá. Fuair an páirtí 23 suíochán san olltoghchán 2016.

Chuir Sinn Féin 42 iarrthóir chun tosaigh in Olltoghchán 2020 agus go dtí seo toghchadh 37 as an 42 iarrthóir sin, 27 acu ar an chéad chuntas. Bhain rath Sinn Féin san olltoghchán siar as cuid mhór tráchtóirí polaitiúla thuaidh agus theas. Meastar gurb iad a bpolasaithe maidir le tithíocht, sláinte agus pinsin is mó a mheall vótairí chucu.

Bhí ráite roimh an toghchán ag ceannairí an dá mhórpháirtí eile ó dheas Micheál Martin as Fianna Fáil agus Leo Varadkar (taoiseach reatha) as Fine Gael nach rachadh siad isteach i gcomhrialtas le Sinn Féin. Ar an Domhnach bhí an chuma ar an scéal go raibh ceannaire Fhianna Fáil i ndiaidh cúlú rud beag óna chuid línte dearga ach bhí Leo Varadkar fós diongbháilte nach rachadh a pháirtí isteach i gcomhrialtas le Sinn Féin.

In ainneoin dul chun cinn Sinn Féin mar vóta céad rogha táthar ag tuar go mbeidh Fianna Fáil ar an pháirtí is mó sa stát ó dheas nuair a bheidh an cuntas uilig thart agus go mbeidh sé ina chath idir Sinn Féin agus Fine Gael don dara háit. Chuir Fianna Fáil agus Fine Gael i bhfad níos mó iarrthóirí chun tosaigh rud a chiallaíonn go rachadh aistrithe idir na hiarrthóirí sin chun sochar an dá pháirtí mhór eile.