Beidh cúig bhanna ceoil ar an ardán ar an oíche agus iad ag cur scoth an cheoil i láthair idir cheol traidisiúnta, rac-cheol, cheol na hÉireann, cheol na hAlban, snagcheol, reggae agus cheol comhaimseartha.

Beidh an banna rac-cheoil Na hUlchabháin ag cur tús le scléip Raidió Fáilte ag an Phicnic Leictreach le seit bríomhar den cheol cumaisc.

As Béal Feirste don bhanna ceoil Ériu beidh siad ag seinm ceol na hEorpa, na hÉireann agus snagcheol leis na ceoltóirí aitheanta – Frank Cassidy, Caoimhe Ní Chathail agus Aodán Mac Shéafraidh

Beidh an banna ceoil nua Abhainn Bheara i mbun ceoil reggae as Gaeilge agus iad ag leanstan de thraidisiún reggae Bhéal Feirste. Alan Ó Donnaile, James Jamison, Stephen Loughran, Daniel Saunders agus Thomas Quinn atá sa bhanna.

Beidh Las ag cur taispeántas de cheol agus damhsa na hÉireann agus na hAlban i láthair. Sa ghrúpa Las tá Edel Ní Churraoin agus Joy Gibson in éineacht le Méabh Smyth, Catherine Ní Shúilleabháin agus Megan Nic Ruairí. Mná as Gaeltachtaí éagsúla na hÉireann agus na hAlban agus iad i mbun ceoil cumaisc den cheol agus damhsa traidisiúnta as an dá thír Ghaelacha.

Beidh Megan Nic Ruairí as Gaeltacht Rann na Feirste ar an ardán agus í ag déanamh seit de cheol comhaimseartha na Gaeilge

Le deireadh a chur leis an oíche beidh ceol beomhar traidisiúnta ó na Hot Toddies as Ráth Chairn na Mí – Éanna Ó Croinín, Míchéal Ó Súilleabháin, Éamonn Mac Donnacha, Órla Ní Cheallaigh agus Nigel Davey

I nGaeilge a bheidh an tsiamsaíocht ar fad ar an oíche. Má bhíonn tú ag Electric Picnic i mbliana bí cinnte go mbualfaidh tú isteach sa Phuball Gaeilge oíche Dé Domhnaigh idir a 7-10pm fá choinne oíche de cheol agus de spraoí.