Sa chéad eagrán den mhionsraith seo de chuid Raidió Fáilte 107.1FM, téann Tara Ní Dhuibh ar thuras stairiúil go Cusco, sean-chroí impireacht na nInceach, lonnaithe ard sna sleibhtí Aindéacha i bPeiriú.

Labhraíonn sí faoi stair na cathrach Cusco agus na n-áiteanna tábhachtacha timpeall ar an cheantar, chomh maith le margaí na háite, an cheantar ceardaíochta agus láithreacha sácráilte sléibhtiúla. Agus, cluineann muid scéalta pearsanta ón turas speisialta seo fosta!

Sa dara heagrán den mhionsraith seo de chuid Raidió Fáilte 107.1FM, téann Tara Ní Dhuibh ar thuras stairiúil go Machu Picchu!

Labhraíonn sí faoi stair an seanchathair agus titim Impireacht na nInceach. Chomh maith leis sin, pléann sí Hiram Bingham agus é ag teacht ar Machu Picchu don chéad úr riamh. Agus, ar ndóigh, cluineann muid scéalta pearsanta ón turas speisialta seo fosta!

Éist le Croí na Inceach ar an ghuthán, ar an ríomhaire, ar do chaoithiúlacht! Is féidir an clár a roinnt le cairde fosta.

Tá an podchraoladh seo ar fáil anseo: https://open.spotify.com/show/6JaVrNbdHLrnnf4w3o2yt8?si=kw4rRKkjTPGGS2zJDDI9AQ