Cúrsa Traenála Raidió Fáilte i Scileanna Raidió agus Craoltóireachta

Dáta: 27 Samhain 2019; 04 Nollaig 2019

Am: 2pm-6pm

Áit: 30 Sráid Dhubhaise, Béal Feirste

Costas: £20

Tuilleadh eolais: 028 90 310013

Tá Raidió Fáilte ag lorg daoine le páirt a ghlacadh i nDianchúrsa i Scileanna Raidió agus Craoltóireachta. Beidh an cúrsa ar siúl in Áras úrnua Raidió Fáilte ar 30 Sráid Dhubhaise, Béal Feirste, ar an Chéadaoin 27 Samhain agus an Chéadaoin 04 Nollaig idir 2pm agus 6pm.

Beidh an deis agat úsáid a bhaint as an trealamh úrnua taifeadta agus áiseanna eile chun clár a léiriú, a láithriú agus a chur i láthair. Beidh baill ó fhoireann chraoltóireachta Raidió Fáilte ag roinnt a dtaithí forleathan san earnáil.

Gheobhaidh tú an deis clár raidió a léiriú, a láithriú agus a chur in eagar. Agus má bhaineann do chlár an caighdeán cuí amach craolfar ar Raidió Fáilte é, an t-aon stáisiún raidió Gaeilge i mBéal Feirste.

Le haghaidh tuilleadh eolais líon an fhoirm ar líne ANSEO nó glaoigh ar 028 90310013.

Is le tacaíocht an Chiste Craoltóireachta Gaeilge de chuid Scáileán Thuaisceart Éireann a chuirtear scéim traenála Raidió Fáilte ar fáil.