Foirm Deonaigh PayPal
Tar éis duit an fhoirm seo a chur isteach, déanfar tú a atreorú chuig PayPal, agus ansin beidh tú in ann Deonaigh a thabhairt.
Scéal faoi bhean darb ainm Róise agus faoi mhadadh giobach darb ainm Frank a thugann cuairt uirthi go gairid tar éis dá fear céile bás a fháil. Ach ní ghnáthmhadadh é Frank. Tosaíonn an madadh beag giobach ag cuidiú le Maidhcí, an buachaill óg béil dorais, agus é ag iománaíocht. Ach, ní mar a shíltear a bhítear.
Beidh an scannán le feiceáil Dé Máirt 4ú Deireadh Fómhair ag 19:30 in An Lonnán, spás imeachtaí Raidió Fáilte ar an bhunurlár.
Tá costas £3 le fáil isteach ag an doras do dhaoine fásta. Saorchead isteach do pháistí. Bring your own drinks, snacks and popcorn!
Tá an scannán i nGaeilge agus tá fotheidil Bhéarla ann. Ná caill amach! Tapaigh an deis agus bí linn!
Fáilte roimh chách!
Clárú anseo: https://www.eventbrite.com/e/leiriu-scannain-roise-frank-tickets-425742486237