Thar ceann an Bhoird Stiúrtha agus baill foirne Raidió Fáilte, tá lúchair orainn a fhógairt go bhfuil Stiúideo Feirste, an stiúideo taifeadta ceoil nua-mhaisithe dár gcuid, le bheith seolta go hoifigiúil mar chuid de Fleadh Feirste 2022.
Beidh ceol, craic, agus cuideachta le sonrú, chomh maith le craoladh beo ón ócáid speisialta seo.
Beidh an t-imeacht ar siúl ar an Déardaoin, 1ú Nollaig 2022 idir 12:00- 14:00 agus beidh sólaistí agus bia ar fáil i ndiaidh na seolta ins An Lónnán ar 14:00.

Bígí linn!