Beidh tráthnóna d’amhráin, scéalta agus ceoil traidisiúnta i nGaeilge mar chuid d’Fhéile an Phobail agus d’Fhéile Lúnasa Raidió Fáilte. Beidh an scéalaí iomráiteach aitheanta, an Dr. Eithne Ní Gallchobhair i mbun scéalaíochta ar an ócáid & beidh ceol, amhránaíocht agus damhsa ar an tsean-nós ó Edel Ní Churraoin as Conamara, Caitríona Ní Ghribín as Gaoth Dobhair, agus Neil Ó Briain as Corcaigh.

Beidh an t-imeacht ar siúl sa Lonnán, ar an bhunurlár d’fhoirgneamh Raidió Fáilte óna 4-6i.n. Sathairn 6ú Lúnasa.

Tá saorchead isteach, ach tá na spásanna teoranta. Is gá clárú don imeacht roimh ré le beith páirteach ann.

Chun clárú don imeacht, bí i dteagmháil le Séimí Mac Aindreasa ar:

  • Ríomhphost: pobal@raidiofailte.com
  • Scairt: +44 (0) 28 9031 0013

Beidh seirbhísí caifé ar fáil.

Bígí linn!

An Lon Dubh

Raidió Fáilte

30 Sráid Fáilte

Béal Feirste

BT12 4AL