Seoladh an leabhar Turas Soir, cnuasach scéalta agus dánta, i lárionad Skainos ar Bhóthar Bhaile Nua na hArda. Labhair Déaglán Ó Loinsigh le lucht freastail na hócáide agus le roinnt de na daoine a ghlac páirt i dtiomsú an ábhar don leabhar. Sa chlár féin beidh deis agat éisteacht le roinnt de na scéalta á gcur i láthair ag lucht a scríofa agus ag aisteoirí as mórcheantar oirthear Bhéal Feirste.

Agus an cnuasach gearrscéalta agus dánta á léamh agat cuirfear idir mhisneach agus scanradh ort. Cluinfidh tú faoi charachtair ghreannmhara agus faoi príomhoidí bunscoileanna a bhí dian go leor ar na daltaí bochta bunscoile s’acu. Éistfidh tú le stair an cheantair áitiúil agus faoinar thit amach ann, ó dhaoine a d’imigh uainn fadó, á hinsint trí ghlórtha a bpáistí. Tá cuimhní cinn i dtaobh thinte cnámha an Aonú hOíche Dhéag agus i dtaca le siúlóidí an Dara Lae Déag. Ábhar dorcha agus ábhar grinn araon a gheobhas tú ann.

Tá an leabhar iomlán le fáil ó Turas, ar tionscnamh é de chuid Mhisean Oirthear Bhéal Feirste in Eaglais Mhodhach na hÉireann. Thig leat leagan clóite den leabhar iomlán a cheannach tríd an nasc seo.

Rinneadh an clár a chraoladh ar an stáisiún cheana agus anois tá sé ar fáil saor in aisce mar phodcraoladh. Is féidir leat éisteacht leis an chlár ina iomláine ach brú ar an nasc seo.