Foirm Deonaigh PayPal
Tar éis duit an fhoirm seo a chur isteach, déanfar tú a atreorú chuig PayPal, agus ansin beidh tú in ann Deonaigh a thabhairt.
Eoghanach go smior é le dúil as cuimse sa sport, go háirithe an pheil Ghaelach, cispheil agus sacar. Tá suim ar leith aige i stair na hÉireann agus sa pholaitíocht. Iarmhúinteoir sna hábhair; Gaeilge, Stair agus Corp Oiliúint.
Tá Cillian ag craoladh le Raidió Fáilte ón bhliain 2018 nuair a osclaíodh an stáisiún nua ag bun bhóthar na bhFál, in aice le Túr Dhubhaise. Tá cláracha de gach sórt ceoil sa chartlann déanta ag Cillian ar nós Siufail-Fuinc, An Púisín Bándearg chomh maith leis an chlár Halla Damhsa an Ghrá a rinneadh in éineacht leis an Oifigeach Rannphairtíochta Phobail, Séimí Mac Aindreasa. Ba é Cillian a d’eagraigh an chéad díospóireacht bheo sa stáisiún nua agus a bhí craolta ar an aer ag Raidió Fáilte.
Bíonn sé ag léiriú craoltaí seachtracha anois ó ionaid Ghaeilge agus ag Féiltí móra Gaeilge ar nós Oireachtas na Samhna, An Picnic Leictreach, Féile an Phobail, Fleadh Feirste, Scoil Samhraidh Mhic Reachtain, Sean-Nós Ard Mhacha Theas chomh maith le tionscadail eile cosúil leis chraoladh speisialta ó Oileán Mhanann.
News by Cillian Breatnach
Tá brón orm, Cillian Breatnach is cosúil nach bhfuil aon Nuacht roinnte.