Foirm Deonaigh PayPal
Tar éis duit an fhoirm seo a chur isteach, déanfar tú a atreorú chuig PayPal, agus ansin beidh tú in ann Deonaigh a thabhairt.

Ciarán Mag Uidhir
Táím ag craoladh le Raidió Fáilte ón bhliain 2012. Meascán de cheol agus de chaint a bhíonn agam ar an chlár. Bíonn aíonna speisialta agam ó am go ham fosta...

Ciarán Ó Pronntaigh
Ag obair mar aistritheoir I gCóláiste Mhuire trasna an bhealaigh ón Chultúrlann. Rinne mé clár Gaeilge ar stáisiún bradach ar an Iúr sna 90í roimh thosú le Raidió Fáilte...

Clara Ní Ghiolla
Rugadh mé i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1930. Fuair mé oiliúint bhanaltra in Oileán Geirsí. D’oibrigh mé i Sasana, i Meiriceá agus in Éirinn. Chaith mé seacht mbliana déag in Oileán Arann...

Cormac Ó Briain
BUZZ Is ceoltóir é Cormac atá ag seinm ceol traidisiúnta le fada ar na píobaí uilleann. Tá an-dúil ag Cormac i gceol as Iamáice go háirithe i Reggae luath, i Ska agus i Rocksteady...

Dónall Chaoimhín Mac Murchaidh
Is as Contae an Dúin ó dhúchas mé agus tá an-chuid suime agam i gcúrsaí Gaeilge agus i dtraidisiún na nGael in Éirinn ó bhí mé beag bídeach...

Eoghan Ó Néill
Béál Feirsteach é Eoghan atá ag obair le Raidió Fáíilte ón tús. Tá sé ag obair in earnáíl na hiriseoireachta fad a shaol agus is iomaí gradam bainte amach aige...

Fergus Ó hÍr
Bainisteoir Raidió Fáilte, iar-Phríomhoide Choláiste Feirste agus Béal Feirsteach atá ag obair in earnáil na Gaeilge le fada an lá...

Gearóid Mac Giolla Fhinnéin
Rinne mé an dianchúrsa traenála i scileanna raidió agus craoltóreachta leis an stáisiún agus bhain mé an-sult agus an-tairbhe as an chúrsa seo. Stáisiúin raidió pobail is ea Raidió Fáilte agus déanaim mo dhícheall, ar mo chlár seachtainiúil, nasc a chothú leis an phobal...

Gearóid Ó Cairealláin
Béal Feirsteach agus Gael go smior é Gearóid. Tá na blianta caite aige ag obair agus ag troid go dícheallach ar son na teanga...

Ian Malcolm
As an Lorgain, Contae Ard Mhacha, do Ian agus is ansin atá sé lonnaithe go fóill. Bhí suim ag athair Ian, ar de chúlra Aontachach é, sa Ghaeilge agus spreag seo spéis a mhac sa teanga...

Máire Ní Eafa
Rugadh agus tógadh i mBaile Átha Cliath mé ach is breá liom cuairt a thabhairt ar mo chuid cairde i mBéal Feirste. Bhí an-spéis ag mo mháthair sa cheol agus spreag seo spéis s'agam féin sa cheol...

Mairin Hurndall
Is de chúlra Protastúnach mé, as oirthear Bhéal Feirste. D'oibrigh m'athair agus mo sheanathair roimhe sa Longchlós. Is breá liom bheith ag éisteacht le ceol gaelach agus le ceol tire...

Marcas Ó Cinnéide
Tá mé ag ag craoladh le Raidió Fáilte ón fhíorthús. Roimhe sin bhí mé ag obair le hAisling Ghéar ag aisteoireacht trí mheán an Gaeilge. Tá céim agus máistreacht agam sa Ghaeilge...

Niall Mac Lochlainn
Ceol traidisiúnta agus Gaelach a bhíonn ar mo chlársa. Tá barraíocht Béarla le cloisteáil ar an raidió cheanna féin idir amhráin agus caint...

Noirin Ni Chleirigh
Tá cónaí ar Nóirin i mBéal Feirste in iarthar na cathrach - cé go gcaitheann sí cuid mhór ama na laetha seo i dTír Chonaill. Iar-mhúinteoir ealaíona í Nóirín agus na blianta curtha isteach aici i gColáiste Feirste...

Pádraig agus Martita Ó Maolchraoibhe
Musica Ecuatoriana & Latina Americano curtha i láthair sa Spáinnis agus sa Ghaeilge ag Martita agus ag Pádraig Ó Maolchraoibhe. Is as Eacuadór ó dhúchas do Martita agus is ceoltóir, amhránaí agus cumadóir ceoil í ar stíl Mheiriceá Laidinigh...

Seán McDonnell
Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipiscing elit, sed do eiusmod tempor incididunt ut labore et dolore magna aliqua. Euismod in pellentesque massa placerat...

Seán Ó Muireagáin
Tá Seán ag obair mar chraoltóir le Raidió Fáile ó thús ama. Cuireann sé clár beo, An tAm Sin, i láthair gach seachtain...

Somhairle Mag Uidhir
Tógadh Somhairle i dtuaisceat Bhéal Feirste. D’fhreastal sé ar bhunscoil lán-Ghaelach agus ansin ar Choláiste Feirste. Tá céim bainte amach aige le hOllscoil na Banríona ar na mallaibh...

Treasa Ni Bhanna
Rugadh i mBéal Feirste mé agus tógadh i Londain mé. Tá céim bainte amach agam sa cheol chlasaiceach ag Ollscoil na Banríona...