Thosaigh Storm ag craoladh le Raidió Fáilte sa bhliain 2024, mar chuid de Scéim an Chiste Craoltóireachta Gaeilge mar Léiritheoir Raidió faoi Oiliúint!

Garmanach ó dúchais í Storm Eaton-Kilgallen, ach tá conaí uirthi i mBéal Feirste ó bhí 2020 ann.

Is minic go gcluinfidh tú í ag cur an chláir Moch ar Maidin i láthair, ag plé cúrsaí reatha agus scéaltaí nuachta in éineacht le co-láithreoirí Jack Mac Íomhair agus Pól Ó Néill, nó ag déanamh tuairisc nuachta ar Ó Nóin go Lóin!

Tá suim ar leith aici sa pholaitíocht, ach chomh maith leis sin i gcúrsaí popchultúr agus na meáin. Tá a clár cainte féin aici, ‘Úrnua’ a bhíonn ar siúl gach seachtain, ina bpléitear chuile rud atá úrnua sa tsaol – scannáin, cúrsaí faisin, ceol, popchultúr agus neart eile. Bíonn Úrnua ar siúl ar; Céadaoin 14:00, Aoine 19:00 agus Domhnach 10:00.

News by Storm Eaton-Kilgallen

Tá brón orm, Storm Eaton-Kilgallen is cosúil nach bhfuil aon Nuacht roinnte.