Beidh Raidió Fáilte ag reáchtáil cúrsa deireadh seachtaine i scileanna raidió agus craoltóireachta le tacaíocht ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge de chuid Scáileán Thuaisceart Éireann. Beidh an cúrsa ar siúl i Raidió Fáilte, 30 Sráid Dhubhaise, Béal Feirste. Foghlaimeoidh na rannpháirtithe an bealach le clár a léiriú, a láithriú agus a chur in eagar. Déanfaidh siad taifead ar chlár amháin thar an dá lá agus cuirfear gach tacaíocht agus áis is gá ar fáil dóibh. Beidh an cúrsa ar siúl ar an Satharn 23 Márta agus Domhnach 24 Márta 10:00-16:00.

“Seo an tríú bliain dúinn cúrsa iomlán a reáchtáil in aon deireadh seachtaine amháin,” arsa Dónall Mac Murchaidh, Oifigeach Traenála agus Léiriúcháin, Raidió Fáilte, “agus d’éirigh thar barr leis na cúrsaí go dtí seo le ábhar craoltóirí ag pilleadh ar an Raidió le clár dá gcuid féin a chur i láthair ar bhonn rialta nó le páirt a ghlacadh i gcúrsaí oiliúna eile”.

I gcúrsaí traenála Raidió Fáilte bíonn deis ag rannpháirtithe úsáid a bhaint as trealamh ardteicniúil craoltóireachta taobh istigh d’fhoirgneamh saincheaptha a bhfuil rogha stiúideonna agus gléasanna taifeadta ar fáil ann mar aon leis an saineolas faoin bhealach lena n-úsáid.

Le haghaidh tuilleadh eolais seol r-phost chug Dónall Chaoimhín Mac Murchaidh ar traenail @ raidiofailte.com nó cuir glaoch ar 028 90 310013.